Focal.ie

Tá bunachar sonraí de théarmaí Gaeilge cruthaithe ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus é ar fáil ag www.focal.ie. Tá breis is 166,000 téarma Gaeilge agus breis is 161,000 téarma Béarla ann, mar aon le thart ar 6,000 téarma i dteangacha eile, agus iad inchuardaithe faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla.

Bunachar téarmaíochta is ea focal.ie. Ní gnáthfhoclóir é ina bhfaighfeá na focail a úsáidtear i ngnáthchomhrá ó lá go lá. Tá roinnt frásaí agus grúpaí focal ann ach ní bhfaighidh tú abairtí ann.

Le cois aistriúchán a thabhairt, tugtar eolas faoi ghramadach na bhfocal Gaeilge chomh maith. Má chuardaíonn tú an t‑ainmfhocal “cinneadh”, mar shampla, tabharfar eolas duit faoi inscne an fhocail, an díochlaonadh ina bhfuil sé agus na foirmeacha atá i gceist sa ghinideach uatha, san ainmneach iolra agus sa ghinideach iolra:

cinneadh fir1
gu: cinnidh, ai: cinntí, gi: cinntí

Mura n‑aimsítear an téarma a chuardaíonn tú, uaireanta déantar cinn atá cosúil leis a liostáil in aice leis na focail “Téarmaí cosúla • Similar terms”. Má chuardaíonn tú an focal “voted”, mar shampla, ní chuirfear aon torthaí ar fáil ach beidh an focal “vote” le feiceáil in aice le “Téarmaí cosúla • Similar terms”.

Tá liostaí ag baint le go leor réimsí éagsúla le fáil ach cliceáil ar “Liostaí Aibítreacha • Alphabetical Listings” ar leathanach baile focal.ie. Tá go leor de na liostaí sin bainteach leis na hábhair a mhúintear sa bhunscoil agus sa mheánscoil.

Mura n‑aimsíonn tú an téarma atá uait ar focal.ie, cuirtear an cheist seo ort: “Nár aimsigh tú a raibh uait? • Not finding what you’re looking for?” Cuirtear in iúl duit ansin cén chaoi ar féidir leat teacht ar an téarma trí scríobh chuig an gCoiste Téarmaíochta.

Cúrsa Scileanna Téarmeolaíochta forbartha ag focal.ie a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú leo siúd a úsáideann an suíomh an úsáid is fearr a bhaint as. Bain triail as cuid den chúrsa anois. Tá nasc chuige ag barr leathanach baile focal.ie nó is féidir teacht air trí chliceáil anseo.

Focal.ie