Logainm.ie

logainm.ie

Tá bunachar sonraí de logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag Fiontar (DCU) agus An Brainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ) ar an suíomh seo. Tá timpeall 100,000 logainm ar fáil ann (sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath san áireamh) agus iad inchuardaithe faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla. Tugtar tuiseal ginideach na logainmneacha chomh maith agus cáipéisí cartlainne ag baint leo. Tá fuaim á cur leis na logainmneacha de réir a chéile chomh maith.

Tá an acmhainn seo dírithe ar riachtanais iriseoirí agus aistritheoirí, mac léinn agus múinteoirí, mar aon le staraithe agus taighdeoirí ginealais.

Chun teacht ar leagan Gaeilge de logainm, déan an leagan Béarla a chlóscríobh sa bhosca cuardaigh ar leathanach baile logainm.ie. Clóscríobh “Strabane” (Contae Thír Eoghain) sa bhosca cuardaigh, cuir i gcás, agus cliceáil ar an nasc an gcéad nasc sa leathanach nua a osclóidh. Tabharfar an leagan Gaeilge duit, “An Srath Bán”, mar aon le tuiseal ginideach an logainm: “an tSratha Báin”. Má chliceálann tú ar an gcnaipe seinnte in aice le “An Srath Bán”, cloisfidh tú fuaimniú an logainm i nGaeilge agus is féidir éisteacht le fuaimniú an leagain Bhéarla chomh maith. (Níl comhaid fuaime ar fáil ach i gcás 12 chontae go dtí seo ach táthar ag cur le líon na gcomhad an t‑am ar fad.)

Má lorgaíonn tú “Gleann Cholm Cille” (Contae Dhún na nGall), ní hamháin go dtabharfar an leagan Béarla duit ach tabharfar liosta duit de ghnéithe éagsúla sa cheantar – na bailte fearainn, cuir i gcás, cnoic agus lochanna.

Má chliceálann tú ar chontae ar an léarscáil atá ar leathanach baile logainm.ie, tabharfar liosta cuimsitheach duit de ghnéithe éagsúla sa chontae sin, e.g. bailte, aibhneacha, easanna agus droichid.

Tá sráidainmneacha na tíre le fáil ar logainm.ie freisin. Má lorgaíonn tú “Francis Street”, cuir i gcás, tabharfaidh tú faoi deara nach ionann an litriú Gaeilge i gcás na sráide sin i gCorcaigh (“Sráid San Proinsias”) agus i Luimneach (“Sráid Phroinséis”).

acmhainní oideachais do dhaltaí bunscoile, do dhaltaí iar‑bhunscoile agus do mhic léinn tríú leibhéal le fáil ar an suíomh chomh maith.

Logainm.ie