Seo seans duitse a bheith ag caint anois. Lig ort féin gur tusa Siobhán agus go bhfuil tú ag caint le Colm.
This is your chance to talk now. Pretend you’re Siobhán and that you’re talking to Colm.
Abair:
How are you? I’m Siobhán. What’s your name?
Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Siobhán. Cén t‑ainm atá ortsa?
Colm:
Colm. Cé as tú, a Shiobhán?
Abair:
I’m originally from Castlebar but I’ve been living in Dublin now for nearly five years. Where are you from yourself?
Is as Caisleán an Bharraigh ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois le beagnach cúig bliana anuas. Cé as tú féin?
Colm:
As Dún Dealgan. Rugadh agus tógadh ansin mé ach bhog mé go Maigh Nuad nuair a bhí mé ocht mbliana déag le freastal ar an ollscoil agus tá mé i mo chónaí ansin ó shin.
Abair:
Maynooth is very close to Dublin, isn’t it?
Tá Maigh Nuad an‑chóngarach do Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil?
Colm:
Tá. Ní thógann an turas go dtí an chathair ach leathuair an chloig ar an traein.