Ar aghaidh Ar ais
Cleachtadh 4: An t-urú
Cuir an réamhfhocal ceart, iin, roimh gach áitainm agus athraigh tús an áitainm, más gá. Bain triail as an abairt a rá chomh maith. Cliceáil ar an íocón ansin chun éisteacht le fuaimniú na habairte.
1 Tá Máirín ina cónaí  (i + Baile Átha Cliath).
2 An bhfuil tusa i do chónaí  (i + Corcaigh) freisin?
3 Tá Caitríona ina cónaí  (i + Port an Dúnáin).
4 An raibh tú riamh  (i + Glaschú)?
5 Tá m'aintín ina cónaí  (i + Doire).
6 Tá siad ina gcónaí  (i + Tír Eoghain) le cúpla bliain anuas.
7 Ba bhreá liom cuairt a thabhairt oraibh  (i + Eochaill) am éigin.
8 Tá mo thuismitheoirí ina gcónaí  (i + Ard Mhacha).
Ar ais Ar aghaidh