Comhrá C
Conversation C
Darren is at a party in his new girlfriend Síle’s house and doesn’t know too many people there. Síle introduces him to a few people.
| Síle: | Seo í Bríd agus seo é David. This is Bríd and this is David. |
| Darren: | Tá sé go deas bualadh libh. It’s nice to meet you. |
| Síle: | Agus seo iad Méabh agus Louise. And this is Méabh and Louise. |
| Darren: | Cén chaoi a bhfuil sibh? How are you? |
| David: | Cé as thú féin, a Darren? Where are you from yourself, Darren? |
| Darren: | Is as an Uaimh mé ach tá mé i mo chónaí anseo i mBaile Átha Cliath anois le bliain go leith anuas. I’m from Navan but I’ve been living here in Dublin for a year and a half now. |
| David: | An maith leat Baile Átha Cliath? Do you like Dublin? |
| Darren: | Is breá liom é. Tá mé i mo chónaí i lár na cathrach, mar sin is féidir liom siúl gach áit. Níl mé ach ceathrú uaire siúil ón obair. I love it. I live in city centre, so I can walk everywhere. I’m only a quarter of an hour’s walk from work. |
| David: | Tá sin go hiontach. Caithimse uair go leith ar an mbus gach maidin agus tráthnóna. Is crá croí é! That’s great. I spend an hour and a half on the bus every morning and evening. It’s a real pain! |