Useful information 5: The possessive adjective

Cuirtear séimhiú ar an bhfocal cónaí san uimhir uatha, ach amháin nuair a bhítear ag tagairt do bhean:

Tá mé i mo chónaí in árasán.

Tá tú i do chónaí i dteach scoite, nach bhfuil?

Tá sé ina chónaí i mbungaló.

Tá sí ina cónaí i dteach leathscoite

Cuirtear urú ar an bhfocal cónaí san uimhir iolra i gcónaí:

Táimid inár gcónaí i gcarbhán.

Tá sibh in bhur gcónaí i dteach dhá stór.

Tá siad ina gcónaí i dteach sraithe.

Tabhair faoi deara go dtagann focal nó focail dhifriúla roimh cónaí, ag brath cén phearsa atá i gceist.

Useful information 5: The possessive adjective