Cúrsaí do Mhúinteoirí

Tugann an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas do na cúrsaí seo thíos.
Beidh na múinteoirí a ghlacfaidh páirt in aon cheann de na cúrsaí seo i dteideal trí lá saoire phearsanta bhreise (EPV) a thógáil ar an gcoinníoll go dtabharfaidh siad faoin gcúrsa ar bhealach éifeachtach agus críochnúil.
De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, ní bhfaighidh rannpháirtithe Saoire Phearsanta Bhreise ach i gcomhair cúrsa amháin.
Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir 1 Iúil 2010 agus 27 Lúnasa 2010 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.

Cúrsaí atá ar fáil

Cúrsa Praghas
Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile €75.00
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge, ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí.
breis eolais » Bain triail as saor in aisce »
Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga €75.00
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a dteastaíonn uathu leas a bhaint as acmhainní agus áiseanna teicneolaíochta chun an Ghaeilge a mhúineadh agus chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin agus cuid Gaeilge a ndaltaí.
breis eolais » Bain triail as saor in aisce »
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha €75.00
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh naíonáin shóisearacha agus/nó shinsearacha. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo cur lena gcuid scileanna sa teanga.
breis eolais » Bain triail as saor in aisce »
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 1 agus 2 €75.00
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 1 agus/nó rang 2. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga.
breis eolais » Bain triail as saor in aisce »
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 3 agus 4 €75.00
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3 agus/nó rang 4. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga.
breis eolais » Bain triail as saor in aisce »
Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 5 agus 6 €75.00
Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 5 agus/nó rang 6. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga.
breis eolais » Bain triail as saor in aisce »