Eolas fúinn

Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é Ranganna.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

Ó bhí 2005 ann, tá Gaelchultúr ag reáchtáil cúrsaí oiliúna Gaeilge ag leibhéil éagsúla i gcomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí ar fud na hÉireann ar fad. Tá sé mar aidhm ag na cúrsaí seo cabhrú leis na comhlachtaí seirbhís do chustaiméirí trí Ghaeilge a fhorbairt agus na riachtanais atá ann mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh.

Lena chois sin, déanann Gaelchultúr ranganna ginearálta Gaeilge a thairiscint don phobal ag ocht leibhéal éagsúla an bhliain go léir ina ionad i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Tá cúrsaí á reáchtáil ag an gcomhlacht in ionaid eile ar fud na hÉireann anois freisin - Corcaigh, Luimneach, Leitir Ceanainn, Ceatharlach, Cill Chainnigh agus Gaillimh ina measc.

Is iad na daoine seo a leanas ó fhoireann Ghaelchultúir atá ag scríobh na gcúrsaí atá ar fáil ar ranganna.com:

Aoife Ní Chonchúir
Cóilín Ó Floinn
Éamonn Ó Dónaill
Helen Hegarty
Siobhán Patten

Is í Ivana Varguličová a dhéanann an obair theicniúil ar an suíomh seo.