Tá Gramadach gan Stró! dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí agus cur lena saibhreas sa teanga. Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann cúrsaí gramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu. Tá béim láidir ar úsáid laethúil na Gaeilge agus eolas tugtha mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint.
Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; dírítear ar na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin agus mínítear iad ar bhealach soiléir, gonta. Ní bhaintear úsáid as téarmaíocht chasta ach tugtar neart samplaí chun patrúin éagsúla a léiriú.
Is é Éamonn Ó Dónaill, duine de bhunaitheoirí an chomhlachta Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Helen Hegarty eagarthóireacht ar Gramadach gan Stró! agus scríobh sí cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.
Tá ceithre aonad is fiche ar fad sa chúrsa Gramadach gan Stró! agus tá míniúcháin ghramadaí, ceachtanna idirghníomhacha, alt tráthúil agus dea-scríofa, agus cora cainte úsáideacha i ngach ceann acu. Nuair a bheidh staidéar déanta agat ar an ábhar ar fad sa chúrsa agus nuair a bheidh na cleachtaí go léir déanta agat, is féidir leat triail a bhaint as an Scrúdú Ceannchúrsa, atá le fáil tar éis Aonad 24, chun an dul chun cinn atá déanta agat a mheas.
Tá fóram curtha ar fáil don chúrsa Gramadach gan Stró! (agus déanfar amhlaidh i gcás na gcúrsaí eile a bheidh ar an suíomh seo) agus tá deis acu siúd atá cláraithe don chúrsa teachtaireachtaí a sheoladh chuig an bhfóram agus plé a dhéanamh ar cheisteanna ag baint leis an ngramadach, aistriúchán, stór focal, etc.
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.