Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile

Praghas €75.00
Méid ama a mheastar a thógfaidh sé an cúrsa ar fad a dhéanamh Timpeall 20 uair an chloig
Méid ama a thabharfar duit chun an cúrsa a dhéanamh 2 mhí
Cúrsa ag tosú 01/07/2010
Cúrsa ag críochnú 27/08/2010
Bain triail as saor in aisce »
Réamhrá
Ábhar an chúrsa
Treoir
Ceisteanna Coitianta

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Is iad príomhaidhmeanna an chúrsa ná:

  • cabhrú leis na múinteoirí feabhas a chur ar chaighdeán a gcuid Gaeilge trí ghnéithe lárnacha de ghramadach na teanga a mhíniú ar bhealach soiléir, sothuigthe;
  • aird na rannpháirtithe a tharraingt ar thábhacht an chruinnis agus iad a spreagadh leis an méid a fhoghlaimeoidh siad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, rud a rachaidh chun sochair dóibh féin agus dá gcuid daltaí;
  • deis a thabhairt do na múinteoirí smaointe praiticiúla don seomra ranga a mhalartú lena chéile san fhóram díospóireachta.

Údair

Is é Éamonn Ó Dónaill, duine de bhunaitheoirí an chomhlachta Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Helen Hegarty eagarthóireacht ar Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile agus scríobh sí cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.


Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Modúl 1

  • Aonad 1: An tAinmfhocal
  • Aonad 2: An Aidiacht 1
  • Aonad 3: An Aidiacht 2

Modúl 2

  • Aonad 1: Réamhfhocail Shimplí
  • Aonad 2: Réamhfhocail Shimplí agus an tAlt
  • Aonad 3: Na Forainmneacha Pearsanta
  • Aonad 4: Na Forainmneacha Réamhfhoclacha

Modúl 3

  • Aonad 1: An Modh Ordaitheach
  • Aonad 2: An Aimsir Chaite
  • Aonad 3: An Aimsir Láithreach
  • Aonad 4: An Aimsir Fháistineach

Modúl 4

  • Aonad 1: Maoluimhreacha agus Bunuimhreacha Neamhphearsanta
  • Aonad 2: Na hUimhreacha Pearsanta
  • Aonad 3: Dátaí / Na hOrduimhreacha

Modúl 5

  • Aonad 1: Suíomh, Gluaiseacht agus Am
  • Aonad 2: An Aidiacht Shealbhach

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin. Ní mór thart ar 20 uair an chloig a chaitheamh ar na gníomhaíochtaí ar líne.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit. Is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an úsáideora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.

Fóram

Tá rannpháirtíocht san fhóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór páirt a ghlacadh san fhóram trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh. Tá deis ag na foghlaimeoirí dul i dteagmháil le héascaitheoirí an chúrsa ar an bhfóram seo freisin.

Measúnú

Tá ceachtanna idirghníomhacha le déanamh i ngach modúl, agus nuair a bheidh ceacht déanta, is féidir an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cé go dtabharfar scór duit, is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an fhoghlaimeora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.

Tá rannpháirtíocht i bhfóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór duit páirt a ghlacadh san fhóram seo trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh.

Ag deireadh an chúrsa, tá ceist athmhachnamhach le freagairt. Cinnteoidh an cheist seo go ndeachaigh tú i ngleic le hábhar an chúrsa, agus tabharfaidh sé deis duit machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme ábhar an chúrsa sa seomra ranga.

Beidh measúnú ar do chuid oibre bunaithe den chuid is mó ar chaighdeán do chuid oibre scríofa, ach coimeádfar taifead den mhéid ama a chaith tú siad ag obair ar an gcúrsa chomh maith.

Tábhachtach

Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir 1 Iúil 2010, agus 27 Lúnasa 2010 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta maidir le cúrsaí ar líne, ní bhfaighidh rannpháirtithe Saoire Phearsanta Bhreise ach i gcomhair cúrsa amháin.

Cathain is féidir liom clárú don chúrsa?

Anois díreach!

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2010 agus 27 Lúnasa 2010 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.

Cathain a chaithfidh mé a bheith críochnaithe leis an gcúrsa?

Faoi 27 Lúnasa. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2010 agus 27 Lúnasa 2010 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

Cén obair a bheidh le déanamh agam i ngach modúl?

Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir.
Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa.
Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.

Cé mhéad uair an chloig is gá dom a chaitheamh ag déanamh obair an chúrsa seo?

Timpeall fiche uair an chloig.

Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat leis an suíomh, glaoigh ar Helen ar (01) 484 5223, nó scríobh chuici ag helen@gaelchultur.com.

An féidir liom níos mó ná cúrsa amháin a dhéanamh?

Is féidir, cinnte! Ach de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, ní bhfaighidh rannpháirtithe Saoire Phearsanta Bhreise ach i gcomhair cúrsa amháin.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil an cúrsa críochnaithe agam?

Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:

  • timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar an gcúrsa;
  • freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach;
  • éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre;
  • do chonradh foghlaimeora, do shonraí pearsanta, an loga um fhoghlaim mhachnamhach agus an fhoirm mheastóireachta faighte ar ais againn.

Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de lá nó dhó tar éis duit an cúrsa a chríochnú. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.