Baile

Físchúrsa Gramadaí do Mhúinteoirí Bunscoile (2015)

Cén cineál cúrsa é?

in éag 21 Lúnasa 2015
N/B

Réamhrá

Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe ar mhúinteoirí bunscoile ar mian leo a dtuiscint ar ghramadach na Gaeilge a fheabhsú chomh maith le slite nua a fhoghlaim chun an ghramadach a mhúineadh go héifeachtach. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt ná ag scríobh na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:

  • roinnt de na gnéithe is lárnaí de ghramadach na Gaeilge, a bhaineann le téamaí an churaclaim, a mhúineadh go soiléir trí fhíseáin agus trí gníomhaíochtaí taitneamhacha idirghníomhacha;
  • gramadach na Gaeilge a mhúineadh agus a chur i láthair ar bhealach a chabhróidh leis na rannpháirtithe téamaí agus teanga an churaclaim a theagasc sa seomra ranga (m.sh. pleananna ceachta agus smaointe do ghníomhaíochtaí sa seomra ranga);
  • an fhéinmhuinín agus na scileanna teicniúla a thabhairt do mhúinteoirí a chabhróidh leo bheith ag foghlaim go héifeachtach agus go neamhspleách, rud a chuirfidh feabhas ar a gcuid scileanna teagaisc;
  • cur le cumas múinteoirí an Ghaeilge a úsáid go cruinn agus go muiníneach ina gcuid teagaisc agus ina gcumarsáid le daltaí;
  • moltaí a thabhairt do mhúinteoirí maidir le bealaí chun cabhrú le daltaí a gcuid scileanna litearthachta agus teanga a fheabhsú trí úsáid na teicneolaíochta, agus bealaí le dul chun cinn na ndaltaí a mheas i dtaca le scileanna litearthachta Gaeilge;
  • comhairle a chur ar na rannpháirtithe i dtaca le féinmheastóireacht scoile agus feabhsú scoile;
  • deis a thabhairt do mhúinteoirí smaointe praiticiúla agus gníomhaíochtaí don seomra ranga a mhalartú lena chéile i bhfóram díospóireachta an chúrsa.

Údar

Is í Deirdre Nic Chárthaigh a scríobh an cúrsa seo, atá bunaithe ar fhíseáin a chuir Lisa Madden le chéile do Ghaelchultúr, i gcomhar le hÉamonn Ó Dónall.

Rugadh agus tógadh Deirdre in Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail sí ar Choláiste Íosagáin agus bronnadh scoláireacht tríú leibhéal neamhtheoranta na Roinne Oideachais agus Scileanna uirthi i ngeall ar na marcanna is airde sa tír a fháil in ábhair Ardteistiméireachta a rinneadh trí Ghaeilge.

Rinne sí staidéar ar an Nua-Ghaeilge agus ar an Stair i gColáiste na Tríonóide. Ghnóthaigh sí scoláireacht neamhfhondúireachta Choláiste na Tríonóide sa dara bliain, agus d’éirigh léi céad onóracha a bhaint amach sa chéim.

Tá Deirdre ag obair mar Riarthóir Acadúil le Gaelchultúr ó bhí mí Mheán Fómhair 2014 ann agus tá sí ag feidhmiú mar eagarthóir ar Nuachtlitir Ghaelchultúir i láthair na huaire chomh maith.



Ábhar an chúrsa

Modúl 1

  • An tAinmfhocal agus an Aidiacht Uatha

Modúl 2

  • An tAinmfhocal agus an Aidiacht Iolra

Modúl 3

  • Na Réamhfhocail Shimplí

Modúl 4

  • Na Réamhfhocail + An tAlt

Modúl 5

  • Acmhainní teicneolaíochta Gaeilge

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán d’fhíseáin agus de cheachtanna idirghníomhacha i gceist i ngach ceann acu.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.

Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.

Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.

Fóram

Cuirfear fóram ar fáil don chúrsa Físchúrsa Gramadaí do Mhúinteoirí Bunscoile. Is ar an bhfóram seo a thabharfaidh na múinteoirí freagra ar an gceist idirghníomhach ag deireadh gach modúil agus ar an gceist athmhachnamhach ag deireadh an chúrsa ar fad.

Lena chois sin, beidh deis acu siúd a bheidh cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na múinteoirí eile ar an bhfóram. Beidh siad in ann teachtaireachtaí a sheoladh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.

Measúnú

Tá ceachtanna idirghníomhacha le déanamh i ngach modúl, agus nuair a bheidh ceacht déanta, is féidir an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cé go dtabharfar scór duit, is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an úsáideora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.

Tá rannpháirtíocht i bhfóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór duit páirt a ghlacadh san fhóram seo trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh.

Ag deireadh an chúrsa, tá ceist athmhachnamhach le freagairt. Cinnteoidh an cheist seo go ndeachaigh tú i ngleic le hábhar an chúrsa, agus tabharfaidh sé deis duit machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme ábhar an chúrsa sa seomra ranga.

Beidh measúnú ar do chuid oibre bunaithe den chuid is mó ar chaighdeán do chuid oibre scríofa, ach coimeádfar taifead den mhéid ama a bheidh caite agat ag obair ar an gcúrsa chomh maith.

Tábhachtach

Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir 1 Iúil 2015 agus 21 Lúnasa 2015 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom clárú don chúrsa?

Anois díreach!

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2015 agus 21 Lúnasa 2015 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.

Cathain a chaithfidh mé a bheith críochnaithe leis an gcúrsa?

Faoi 21 Lúnasa 2015. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2015 agus 21 Lúnasa 2015 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

Cén obair a bheidh le déanamh agam i ngach modúl?

Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir.
Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa.
Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.

Cé mhéad uair an chloig is gá dom a chaitheamh ag déanamh obair an chúrsa seo?

Timpeall 20 uair an chloig.

An i nGaeilge nó i mBéarla atá ábhar an chúrsa scríofa?

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

An mbeidh orm an cheist idirghníomhach ag deireadh gach modúil a fhreagairt as Gaeilge?

Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

An féidir liom tabhairt faoin gcúrsa ar mo ghuthán cliste nó ar mo ríomhaire táibléid, e.g. iPad?

Is féidir an chuid is mó de ranganna.com a úsáid ar ghuthán cliste nó ar ríomhaire táibléid ach ní oibríonn ábhar ilmheán an tsuímh ar gach cineál gléis. B’fhearr duit, dá bhrí sin, triail a bhaint as aonad samplach den chúrsa a bhfuil sé i gceist agat tabhairt faoi ar an ngléas, sula gcuireann tú an cúrsa sin in áirithe.

Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat leis an suíomh, glaoigh ar (01) 484 5220, nó scríobh chuig eolas@ranganna.com.

An féidir liom níos mó ná cúrsa amháin a dhéanamh?

Is féidir, cinnte! De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil an cúrsa críochnaithe agam?

Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:

  • timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar ábhar an chúrsa
  • freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach
  • éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre.

Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de dhá lá oibre ón am a chríochnóidh tú an cúrsa. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com, nó glaoigh ar (1890) 252 900 nó ar (01) 484 5220.

Aiseolas

‘Agus an cúrsa seo críochnaithe agam tá réimse leathan smaointe agus cluichí i m’intinn agam. Tá súil agam go mbeidh mo chuid ranganna Gaeilge níos spraíúla anois agus go mbeidh na páistí ag foghlaim i ngan fhios dóibh féin trí chluichí a imirt agus trí bheith ag obair i ngrúpaí agus le pictiúir.’ - MND

‘Is cluichí ar dóigh iad na cluichí a chuirtear i láthair sa chúrsa seo. Bainfidh mé úsáid astu agus mé ag teagasc ceachtanna Gaeilge.’ - LNR

‘Beidh na hacmhainní ón gcúrsa seo an-áisiúil sa rang agus beidh ábhar an chúrsa an-úsáideach sa rang chomh maith. Bainfidh mé úsáid as smaointe agus as gníomhaíochtaí ón gcúrsa seo sa seomra ranga agus ceapaim go mbeidh suim ag na páistí iontu mar go bhfuil siad spreagúil agus spraíúil.’ - RO’C