Baile

Meánchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile (2018)

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Tá an cúrsa samhraidh seo ar líne, ar fiú 3 lá EPV é, dírithe orthusan a bhfuil Gaeilge mhaith labhartha acu agus a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar ghramadach na teanga. Beidh deis ag na rannpháirtithe díriú ar ghnéithe den ghramadach atá níos dúshlánaí ná na cinn atá i gceist sa Bhunchúrsa. Is gnéithe lárnacha iad seo a thagann chun cinn sa rang go minic agus a mbíonn deacrachtaí ag daltaí agus ag múinteoirí araon leo.

Tá na rialacha mínithe sa chúrsa ar bhealach simplí, sothuigthe agus tá iarracht déanta téarmaíocht chasta a sheachaint. Tá na míniúcháin breá gonta agus tá aird tarraingthe ag an údar tríd síos ar phatrúin agus ar an tslí a n-úsáidtear struchtúir éagsúla sa chaint laethúil agus sa teanga scríofa.

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Is iad príomhaidhmeanna an chúrsa ná:

  • cabhrú leis na múinteoirí feabhas a chur ar chaighdeán a gcuid gramadaí trí ghnéithe níos casta de ghramadach na teanga a mhíniú ar bhealach soiléir, sothuigthe
  • aird na rannpháirtithe a tharraingt ar thábhacht an chruinnis agus iad a spreagadh leis an méid a fhoghlaimeoidh siad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, rud a rachaidh chun sochair dóibh féin agus dá gcuid daltaí
  • deis a thabhairt do na múinteoirí smaointe praiticiúla don seomra ranga a mhalartú lena chéile san fhóram díospóireachta.

Údair

Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir agus duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Lisa Madden eagarthóireacht ar Meánchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus scríobh sí cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.


Ábhar an chúrsa

Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Modúl 1

  • Cuid 1: An tAinmfhocal 1
  • Cuid 2: An tAinmfhocal 2

Modúl 2

  • Cuid 1: An Tuiseal Gairmeach
  • Cuid 2: Na hUimhreacha

Modúl 3

  • Cuid 1: An Aidiacht 1
  • Cuid 2: An Aidiacht 2

Modúl 4

  • Cuid 1: An Aimsir Láithreach
  • Cuid 2: An Aimsir Fháistineach

Modúl 5

  • Cuid 1: An tAinm Briathartha agus an Aidiacht Bhriathartha
  • Cuid 2: Áiseanna ar líne

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Meánchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin. Ní mór thart ar 20 uair an chloig a chaitheamh ar na gníomhaíochtaí ar líne agus as líne.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit. Is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an úsáideora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.

Fóram

Tá rannpháirtíocht san fhóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór páirt a ghlacadh san fhóram trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh. Tá deis ag na rannpháirtithe dul i dteagmháil le héascaitheoirí an chúrsa ar an bhfóram seo freisin.

Measúnú

Tá ceachtanna idirghníomhacha le déanamh i ngach modúl, agus nuair a bheidh ceacht déanta, is féidir an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cé go dtabharfar scór duit, is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an úsáideora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.

Tá rannpháirtíocht i bhfóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór duit páirt a ghlacadh san fhóram seo trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh.

Ag deireadh an chúrsa, tá ceist athmhachnamhach le freagairt. Cinnteoidh an cheist seo go ndeachaigh tú i ngleic le hábhar an chúrsa, agus tabharfaidh sé deis duit machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme ábhar an chúrsa sa seomra ranga.

Beidh measúnú ar do chuid oibre bunaithe den chuid is mó ar chaighdeán do chuid oibre scríofa, ach coimeádfar taifead den mhéid ama a bheidh caite agat ag obair ar an gcúrsa chomh maith.

Tábhachtach

Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir 2 Iúil 2018 agus 24 Lúnasa 2018 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom clárú don chúrsa?

Anois díreach!

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 2 Iúil 2018 agus 24 Lúnasa 2018 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.

Cathain a chaithfidh mé a bheith críochnaithe leis an gcúrsa?

Faoi 24 Lúnasa 2018. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 2 Iúil 2018 agus 24 Lúnasa 2018 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

Cén obair a bheidh le déanamh agam i ngach modúl?

Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir.
Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa.
Is gá ar a laghad trácht amháin a dhéanamh in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.

Cé mhéad uair an chloig is gá dom a chaitheamh ag déanamh obair an chúrsa seo?

Timpeall 20 uair an chloig.

An i nGaeilge nó i mBéarla atá ábhar an chúrsa scríofa?

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

An mbeidh orm an cheist idirghníomhach ag deireadh gach modúil a fhreagairt as Gaeilge?

Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

An féidir liom tabhairt faoin gcúrsa ar mo ghuthán cliste nó ar mo ríomhaire táibléid, e.g. iPad?

Is féidir an chuid is mó de ranganna.com a úsáid ar ghuthán cliste nó ar ríomhaire táibléid ach ní oibríonn ábhar ilmheán an tsuímh ar gach cineál gléis. B’fhearr duit, dá bhrí sin, triail a bhaint as aonad samplach den chúrsa a bhfuil sé i gceist agat tabhairt faoi ar an ngléas, sula gcuireann tú an cúrsa sin in áirithe.

Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat leis an suíomh, glaoigh ar (01) 484 5220, nó scríobh chuig eolas@ranganna.com.

An féidir liom níos mó ná cúrsa amháin a dhéanamh?

Is féidir, cinnte! De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil an cúrsa críochnaithe agam?

Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:

  • timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar ábhar an chúrsa
  • freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach
  • trácht amháin déanta agat in aghaidh an mhodúil ar an bhfóram nach freagra é ar cheist idirghníomhach.
  • éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre.

Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de dhá lá oibre ón am a chríochnóidh tú an cúrsa. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com, nó glaoigh ar (1890) 252 900 nó ar (01) 484 5220.

Aiseolas

‘Bhí an cúrsa seo leagtha amach go maith agus bhí sé éasca na rialacha agus na treoracha a thuiscint de bhrí gur tógadh orthu céim ar chéim. Úsáidfidh mé an stíl chéanna sin sa seomra ranga chun an ghramadach a mhúineadh.’ - AK

‘Tá mo chuid gramadaí i bhfad níos fearr anois tar éis dom an cúrsa a dhéanamh. Toisc go bhfuil mo chuid gramadaí níos cruinne, beidh mé níos muiníní á múineadh sa seomra ranga. Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa seo agus tá súil agam go mbainfidh na daltaí sult as an ngramadach freisin.’ - EÓC

‘Cúrsa foirfe a bhí ann. Bhí go leor samplaí agus cleachtaí ann chun féinmhuinín a thabhairt dom rialacha gramadaí a phlé, a mhíniú agus a mhúineadh sa seomra ranga.’ - SB