| Praghas | €149.00 |
| Méid ama a mheastar a thógfaidh sé an cúrsa ar fad a dhéanamh | Idir 60 agus 75 uair an chloig |
| Méid ama a thabharfar duit chun an cúrsa a dhéanamh | 12 mhí |
| Bain triail as saor in aisce » | |
Tá Gaeilge gan Stró! – Meánleibhéal 1 oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag an bhfoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.
Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Meánleibhéal 1 cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:
Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, a scríobh an cúrsa, i gcomhar lena chomhghleacaithe Aoife Ní Chonchúir, Cóilín Ó Floinn agus Siobhán Patten.
Tá Gaeilge gan Stró! – Meánleibhéal 1 bunaithe ar shiollabas B1, Teastas Eorpach na Gaeilge, agus ar ranganna Ghaelchultúir ag Meánleibhéal 1 (Cúrsaí A, B agus C). Tá an bhéim ar an gcaint laethúil agus múintear stór focal agus frásaí úsáideacha a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí labhairt fúthu féin agus faoina saol. Tá comhaid fuaime le fáil tríd síos agus, dá bhrí sin, is féidir le foghlaimeoirí éisteacht chomh minic agus is mian leo leis na focail agus frásaí nua atá á múineadh dóibh.
Tá 15 aonad in Gaeilge gan Stró! - Meánleibhéal 1, agus tá gach ceann acu dírithe ar thopaic faoi leith. Seo iad na topaicí atá le fáil sa chúrsa:
Tá na gnéithe seo a leanas le fáil i ngach aonad de Gaeilge gan Stró! - Meánleibhéal 1:
Sílimid gurb é an bealach is fearr le teanga a fhoghlaim ná tríd an teanga sin; dá bhrí sin, tá na treoracha ar fad sa chúrsa seo as Gaeilge ach is féidir cliceáil ar an gcnaipe ‘Taispeáin Fotheidil’ / ‘Show subtitles’
atá ag barr na leathanach ar dheis chun teacht ar aistriúcháin Bhéarla. Is féidir cliceáil ar an gcomhartha suimithe
in aice le haon abairt Ghaeilge chomh maith chun aistriúchán Béarla den abairt sin a fháil.
Tá na ceachtanna ar fad sa chúrsa idirghníomhach. Nuair a bhíonn ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bhí ceart agat agus cad iad na freagraí a bhí mícheart agat, cuirtear na freagraí cearta ar fáil duit agus tugtar scór duit.
Ag tús gach aonaid, cuirtear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu san aonad sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán níl le déanamh agat ach an cnaipe
a bhrú, ar thaobh na láimhe deise, ag barr nó ag bun an scáileáin. Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail ‘PLEAN AN AONAID’ ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.
Ar an leathanach scoir, tugtar léargas duit ar an obair atá déanta agat san aonad agus tugtar scór iomlán duit. Tugtar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad aonad eile, an t-aonad a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Tá fóram curtha ar fáil don chúrsa Gaeilge gan Stró! - Meánleibhéal 1. Tá deis acu siúd atá cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leo teachtaireachtaí a sheoladh chuig an bhfóram, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.