Fóraim » Plé ginearálta » caife beag

caife beag

Teachtaireachtaí

Údar teachtaireacht nua » Teachtaireacht
freagair » caife beag
carolinemarina
03/03/2011 16:53:10

Dia daoibh! Tá mé ag déanamh an cúrsa Gaeilge gan stró - Aonad a trí. Léigh mé an nath seo a leanas “caife beag Iodálach”. Ní thuigim an fath nach séimhítear an aidiacht tar éis an focal “caife”. Cheap mé go bhfuil an focal “caife” baininscneacht agus cheap mé go séimhítear an aidiacht tar éis ainmfhocal bhaininsnceach. Cad a cheapann sibhse?

freagair » RE: caife beag
Gaelchultur
03/03/2011 17:38:00

A carolinemarina, a chara,

Is ainmfhocal firinscneach é ‘caifé’ - mar sin ní chuirtear séimhiú ar aidiachtaí a leanann é.

Is féidir leat féachaint ar www.focal.ie má bhíonn tú in amhras faoi inscne ainmfhocail.

Ádh mór,
Helen
Gaelchultúr

freagair » RE: caife beag
carolinemarina
03/03/2011 22:53:45

Go raibh maith agat. Bhí mearbhall orm mar d’fhéach mé ar dtús ar www.potafocal.com agus deireann siadsan ansin go bhfuil an focal “caife” baininscneach. Nuair a léigh mé do theachtaireacht rinne mé seiceáil i bhfoclóir Niall O’Donaill agus deireann sé go bhfuil an focal firinscneach. Go raibh maith agat arís. Caroline.

Teachtaireacht nua

Teideal
Téacs na teachtaireachta
Ainm
Ríomhphost
Athscríobh an uimhir seo ina figiúirí (chun turscar a chosc):
cúig ocht sé dó sé