Fóraim » Plé ginearálta » Cé mhéad duine?

Cé mhéad duine?

Teachtaireachtaí

Údar teachtaireacht nua » Teachtaireacht
freagair » Cé mhéad duine?
emili ni ailin
13/04/2009 17:55:53

Táim ag iarraidh fáil amach cé mhéad duine atá cláraithe sa suíomh seo chun an Ghaeilge a fhoghlaim

freagair » RE: Cé mhéad duine?
Valerie Ni H.
01/07/2009 10:23:50

Thosaigh mé an ghaeilge ar maidin, !! Aon duine eile??

freagair » RE: Cé mhéad duine?
Ciara86
01/07/2009 11:06:44

Tá mise mar an gcéanna le Valerie, thosaigh mé leis an Ghaeilge ar maidin freisin! Is breá liom na cleachtaí!!

freagair » RE: Cé mhéad duine?
MW1000
01/07/2009 11:32:43

Is mise Michele agus is maith liom na cleahtai freisin. Conas gur feidir an fada a chuir isteach mar nil se ar an keyboard agam. ma ta aon eolas ag einne????!

freagair » RE: Cé mhéad duine?
gaelchultur
01/07/2009 11:43:17

Tá áthas orm go bhfuil sibh ag baint taitnimh as na cúrsaí agus as na cleachtaí!

A Michele, lean na treoracha thíos chun síntí fada a chlóscríobh:

AltGr + guta chun síneadh fada a chlóscríobh

AltGr Shift guta chun ceannlitir a chlóscríobh

freagair » RE: Cé mhéad duine?
MW1000
01/07/2009 11:55:31

Go raibh maith agat. Tá sé sin go hiontach agus simplí go leor. Tá mé ag fáil isteach air anois!!

freagair » RE: Cé mhéad duine?
Ronan16
01/07/2009 22:07:20

just at tosú ar na cleachtaí anois, tá ag eirí maith go leoir liom. Bainfidh mé trial as roinnt eile amarach, go neirí libh

freagair » RE: Cé mhéad duine?
ide46
02/07/2009 08:37:40

Thosaigh mise inné. Táim ag baint taitneamh agus tairbhe as cinnte. Tá an-chuid ann agus beidh mé ag tabhairt faoi ó am go chéile le linn an tsamhraidh. Beidh se an-usáideach agus fiú nuair a bheidh me críochnaithe go hoigiúil ta se i gceist agam filleadh ar na cleachtaí. Bíonn sé deacair gach rud a shealbhú i gcúpla lá. Tá sé an chabhrach seans a fháil dul siar ar phointí agus rialacha ghramadaí agus cinn nua a fhoghlaim. Bhí mé tuirseach ag deireadh an lae inné ach táim chun tabhairt faoi cuid eile inniu. Go n-éirí libh.

freagair » RE: Cé mhéad duine?
martina
20/07/2009 23:46:58

Chaith mé cúpla lá ag foghlaim cad chuige an cúrsa sin a dhéanamh. Níl mé ró-mhaith ar na riomhairí agus glacaim mo chuid ama! Tá suim agam sa Ghaeilge agus tá sé tabhachtach a bheith ag foghlaim rudaí nua mar ríomhairí. Tá suim mór ag na páistí atá agamsa sna ríomhairí agus beidh mé in abálta rudaí nua a thaispeáint dóibh maidir leis an Ghaeilge. Tá mé ag baint sult as an chúrsa agus is maith liom an gramadach a dhéanamh arís. Tá athás orm go bhfuil go leor múinteoirí eile ag freastal ar an chúrsa sin fosta.

freagair » RE: Cé mhéad duine?
MW1000
21/07/2009 11:11:12

Is iontach an seans atá anseo chun dul ar ais ar na rialacha go léir. Níl mé ag múineadh sa rang le cúpla bliain anuas ach fós féin tá an suim agam sa Ghailge. Ba bhreá liom múineadh i scoil lán-Ghaelach. N’fheadar an maith leis na páistí an módh structúrtha/díreach chun an Gramadach a fhoglaim ná cén áit atá ag an Gramadach san Curaclam is deireanaí??? Aon tuairimí ag aon duine

freagair » RE: Cé mhéad duine?
Aodh
27/08/2009 22:54:26

Táim ag baint taitneamh agus tairbhe as an gcúrsa. Is féidir na leathanaigh a phriontáil agus iad a choimeád mar chabhair as seo amach.

freagair » RE: Cé mhéad duine?
Brianless
27/01/2010 22:03:00

‘Sin smaoineamh maith thuas - na leathanaigh a phriontáil. Is mise Brian ach is féidir Brianless a chur orm. Déanann go leor daoine é sin, ach is fearr liom cáineadh ná tost! Is breá liom an cúrsa, go háirithe go bhfuil sé sa Chaighdeán. Is maith liom go bhfuil mé in ann ceisteanna a chur chomh maith agus a bheith in ann dul ar ais, arís is arís eile. Tá mé in ann Gaeilge a léamh go réasúnta ach tá mé lag go leor chun í a labhairt agus tá mé rómhall chun í a scríobh.

Níl a fhios agam an bhfuil mé san áit ceart chun é seo a rá ach tá fadhb bheag le Ceachtadh 6. Má gcloiseann tú le na fuaimeanna le gach abairt, agus díreach ansin i ndiaidh gach ceann acu, tabhair do fhreagra féin beidh gach freagra mícheart. Ceapaim go bhfuil fadhb leis an ríomhaire (nó b’fhéidir le mo ríomhaire féin?).

freagair » RE: Cé mhéad duine?
gaelchultur
28/01/2010 09:56:33

A Bhriain, a chara,

Tá áthas orm go bhfuil tú ag baint taitnimh as an gcúrsa.

Maidir leis an deacracht a bhí agat le cleachtadh 6, an cuimhin leat cén t-aonad a bhí i gceist? Má tá fadhb ann, ba mhaith liom í a réiteach!

Ádh mór,

Helen

freagair » RE: Cé mhéad duine?
veronica curtin
01/07/2010 19:55:50

Cinnte..is muinteoir mé freisin ag múineadh rang 6.Tá me tar éis cupla uair a chaitheamh ag foghlaim an ghaeilge agus ag eirí go maith..Bhi mé an-mall leis an inscine ach bhain mé an-taitneamh as na cleachtaí. Níl an cúrsa seo easca ar cur ar bith.

freagair » RE: Cé mhéad duine?
Deir07
01/07/2010 23:36:33

Ta fadhb agamsa freisin le Cleachtadh 2-Orduithe-scríobh me na freagraí san uimhir iolra, ta sé déanta agam cúpla uair agus gach uair deireann se go bhfuil gach freagra mí-cheart agam ach tá siad díreach mar an gcéanna leis na freagraí atá seolta ar ais.

freagair » RE: Cé mhéad duine?
maireadtwohig
02/07/2010 16:47:16

Thosaigh mise inniu. Táim ag baint taitneamh as an gcúrsa faoi lathair ach ba bhreá liom leagan “printer-friendly” a íoslódáil - ansin is féidir liom na leathanaigh a phriontáil, gan dath:)

freagair » RE: Cé mhéad duine?
gaelchultur
02/07/2010 16:57:22

Deir07, a chara,

Tá lánstadanna ag teastáil ag deireadh na bhfreagraí ar fad toisc gur abairtí iomlána iad. Má fhágann tú ar lár iad, déarfar leat go bhfuil tú mícheart! Bain triail as an gcleachtadh arís, ach cuir isteach lánstadanna an uair seo.

Ádh mór,

Helen

freagair » RE: Cé mhéad duine?
Wad
05/08/2010 16:23:33

Is trua nach bhfaca mé an teachaireacht thuas cheanna! Chaith mé an-chuid ama ag iarraidh cad a bhí mícheart i gcleachtadh 2, aonad 3. Bhíos cinnte go raibh na freagraí cearta agam ach bhí siad go léir mícheart de réir an ríomhaire! Tharla an rud chéanna i gcleachtadh 3, aonad 4 nuair a chuir mé isteach cinn litir in ionad litir bheag msh An-mhór /an-mhór

Teachtaireacht nua

Teideal
Téacs na teachtaireachta
Ainm
Ríomhphost
Athscríobh an uimhir seo ina figiúirí (chun turscar a chosc):
aon seacht trí trí sé