Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.Tá an cúrsa seo oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt ná ag scríobh na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.
Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:
Is í Deirdre Nic Chárthaigh a scríobh an cúrsa seo, atá bunaithe ar fhíseáin a chuir Lisa Madden le chéile do Ghaelchultúr, i gcomhar le hÉamonn Ó Dónall.
Rugadh agus tógadh Deirdre in Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail sí ar Choláiste Íosagáin agus bronnadh scoláireacht tríú leibhéal neamhtheoranta na Roinne Oideachais agus Scileanna uirthi i ngeall ar na marcanna is airde sa tír a fháil in ábhair Ardteistiméireachta a rinneadh trí Ghaeilge.
Rinne sí staidéar ar an Nua-Ghaeilge agus ar an Stair i gColáiste na Tríonóide. Ghnóthaigh sí scoláireacht neamhfhondúireachta Choláiste na Tríonóide sa dara bliain, agus d’éirigh léi céad onóracha a bhaint amach sa chéim.
Tá Deirdre ag obair mar Riarthóir Acadúil le Gaelchultúr ó bhí mí Mheán Fómhair 2014 ann agus tá sí ag feidhmiú mar eagarthóir ar Nuachtlitir Ghaelchultúir i láthair na huaire chomh maith.
Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán d’fhíseáin agus de cheachtanna idirghníomhacha i gceist i ngach ceann acu.
Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.
Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.
Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.