Cleachtadh 1

Aimsigh na nithe seo a leanas in An Foclóir Beag:

A) An chéad phearsa, uimhir iolra, aimsir ghnáthchaite de na briathra seo:
freastail
foghlaim
sábháil
B) An dara pearsa, uimhir uatha, modh coinníollach, de na briathra seo:
athraigh
taispeáin
tiomáin
C) Ginideach uatha, ainmneach iolra agus ginideach iolra na n‑ainmfhocal seo:
riachtanas
(ginideach uatha) de bharr an ...
(ainmneach iolra) na ...
(ginideach iolra) de bharr na ...
léacht
(ginideach uatha) tar éis na ...
(ainmneach iolra) na ...
(ginideach iolra) nótaí na ...
Cleachtadh 1