Useful information 4: I and in

Seo abairt a dúirt Siobhán i gceann de na comhráite ag tús an aonaid:

Is as Caisleán an Bharraigh ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois le beagnach cúig bliana anuas.

Tabhair faoi deara gur athraigh an focal Baile go mBaile mar go raibh an réamhfhocal simplí i ag teacht roimhe. Seo sampla eile d’úrú.

Athraíonn an t‑urú fuaim an fhocail – bánn an litir nua an chéad litir ionas nach gcloistear ach an litir nua.

Cuirtear urú ar na consain b, c, d, f, g, p agus t tar éis an réamhfhocail shimplí i:

bmbBéal Feirstei mBéal Feirste
cgcCorcaighi gCorcaigh
dndDoirei nDoire
fbhfFear Manachi bhFear Manach
gngGaillimhi nGaillimh
pbpPort Láirgei bPort Láirge
tdtTrá Líi dTrá Lí

Tá fuaim speisialta ag na litreacha ng sa mhéid is nach mbánn an litir bhreise, n, fuaim na chéad litreach, g. B’fhéidir go mbeadh deacracht agat leis an bhfuaim seo ar dtús ach rachaidh tú i dtaithí uirthi tar éis tamaill!

Úsáidtear an fhoirm in roimh na gutaí:

Éadan Doire

Tá sí ina cónaí in Éadan Doire.

Inis

Tá siad ina gcónaí in Inis.

Useful information 4: I and in