Conversations C and D

Comhrá C

Tá Siobhán agus Colm fós ag an gcóisir. Cuireann sise cara dá cuid in aithne dó.
Colm:Aithním an bhean sin – tá sí feicthe agam cúpla uair cheana féin, measaim. An Spáinneach í?
Siobhán:Ní hea. Sin Antonella – is Iodálach í. Rugadh agus tógadh sa Róimh í ach bhog sí anseo deich mbliana ó shin.
Colm:Chuala mé í ag labhairt Gaeilge le Jennifer ag tús na hoíche!
Siobhán:Is ea, tá Gaeilge líofa aici. Rinne sí cúpla cúrsa i nDún na nGall agus i gConamara.
Colm:Is bean chliste í!
Siobhán:Is ea, tá sí an‑chliste. Cuirfidh mé in aithne duit í. A Antonella, seo é Colm.
Colm:Tá sé go deas bualadh leat.
Antonella:Tá sé go deas bualadh leatsa freisin.

Comhrá D

Buaileann Dónall le hiar‑chomhghleacaí dá chuid, Síle, agus í ar a bealach chun na pictiúrlainne lena cairde Michelle agus Peadar.
Dónall:Hi Síle, cad é mar atá tú?
Síle:Go maith, go raibh maith agat. Agus tú féin?
Dónall:Tá mé go breá.
Síle:An bhfuil aithne agat ar mo chairde anseo? Seo iad Michelle agus Peadar.
Dónall:Tá sé go deas bualadh libh. Tá sibhse cairdiúil le mo chol ceathrair Derek, nach bhfuil?
Peadar:Tá, tá aithne mhaith againn ar Derek. Bhí mise sa choláiste leis agus téimid ar saoire le chéile gach samhradh.
Síle:Tá brón orm, a Dhónaill, ach táimid ag dul chuig scannán agus táimid rud beag déanach. Glaofaidh mé ort i rith na seachtaine.
Dónall:Go breá. Slán libh.
Peadar:Slán agat.
Síle agus Michelle:Slán go fóill.
Conversations C and D