Conversations E and F

Comhrá E

Níl Micheál agus Bairbre ag siúl amach le chéile ach le cúpla lá anuas agus tá siad fós ag cur aithne ar a chéile.
Bairbre:Cén áit go díreach a bhfuil tú i do chónaí?
Mícheál:Tá mé i mo chónaí ar an eastát nua sin, Cluain Aoibhinn, ar imeall an bhaile. Tá sé in aice leis an ionad siopadóireachta.
Bairbre:Tá a fhios agam é. Tá na tithe sin go deas. Cé mhéad bliain atá tú ansin?
Mícheál:Tá mé ann le dhá bhliain anois. Bhí mé i mo chónaí in árasán i lár an bhaile roimhe sin ach caithfidh mé a rá nár thaitin sé sin liom – bhí sé róghlórach, go háirithe ag an deireadh seachtaine.
Bairbre:An maith leat an ceantar a bhfuil tú ann anois?
Mícheál:Is breá liom é. Tá sé i bhfad níos ciúine – teaghlaigh óga is mó atá ina gcónaí ina aice liom.
Bairbre:Agus an bhfuil aithne agat ar na comharsana?
Mícheál:Tá aithne mhaith agam ar an teaghlach atá ar thaobh amháin díom – réitím go maith leo. As Sasana na daoine ar an taobh eile agus níl aithne rómhaith agam orthu.

Comhrá F

Déanann Bairbre cur síos anois ar an gceantar a bhfuil sise ina cónaí ann
Mícheál:Tá tú féin i do chónaí cúpla míle ón mbaile. An maith leat an ceantar ina bhfuil tú?
Bairbre:Tá sé go hálainn. Is breá liom a bheith díreach in aice leis na sléibhte agus na coillte. Téim ar shiúlóidí fada go minic.
Mícheál:Ach níl mórán áiseanna sa cheantar, déarfainn.
Bairbre:Níl, ach tá ollmhargadh beag díreach in aice liom agus tá teach tábhairne a bhfuil bialann ann cúig nóiméad siúil uaim.
Mícheál:Cé mhéad míle atá tú ón scoil?
Bairbre:Timpeall sé mhíle. Bíonn trácht trom ann go minic ar maidin ach ní thógann an turas ach fiche nóiméad ar an méid.
Mícheál:Níl sé sin ródhona. Siúlaim féin chuig an obair ar maidin – ní thógann sé ach leathuair an chloig.
Bairbre:Tá cuma breá aclaí ort!
Conversations E and F