Talking heads: Anna Davitt

Sa chéad dreas cainte sa chúrsa, cloisfidh tú Anna Davitt as Raghnallach i mBaile Átha Cliath ag caint faoi bheith ag éirí aníos sa cheantar sin agus faoi áiseanna an cheantair. Éist léi ar dtús gan féachaint ar an script thíos, go bhfeicfidh tú cé mhéad den chaint a thuigfidh tú. Ina dhiaidh sin, éist léi agus an script os do chomhair amach agus, ar deireadh, féach ar an aistriúchán Béarla dá cuid cainte.

Rugadh agus tógadh sa teach seo mé. Tá deartháir amháin agus deirfiúr amháin agam agus tógadh i Raghnallach an triúr againn. Tá Raghnallach an‑ghar do lár na cathrach, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, agus thaitin sé go mór linn a bheith ag fás aníos sa cheantar seo.

Bhogamar anseo i naoi déag ochtú a ceathair agus chuireamar aithne ar na comharsana ón gcéad lá. Tá gaol an‑mhaith againn leo ó shin agus bímid ag brath ar a chéile go minic nuair a théann daoine ar saoire, nó mar sin, le haire a thabhairt do na madraí nó súil a choimeád ar an tigh.

Tá Raghnallach lonnaithe an‑ghar do lár na cathrach freisin – d’fhéadfá siúl isteach nó dul isteach ar an Luas nó ar bhus chomh maith. Tógann sé tuairim is cúig nóiméad dul isteach go lár na cathrach ar an Luas; d’fhéadfá an Luas a fháil i Raghnallach agus bheifeá ann taobh istigh de chúpla nóiméad.

Ní raibh aon fhadhb agam teacht abhaile ó lár na cathrach riamh, ag fás aníos. Bhí mé in ann tacsaí a fháil nó bus nó siúl fiú, ag brath ar an am.

Tá neart bialann i Raghnallach. Tá bialann Shíneach ar an bpríomhshráid, bialann Théalannach chomh maith agus bialanna Iodálacha freisin, so tá rogha fhairsing ag aon duine atá ag iarraidh dul amach le haghaidh dinnéir. Tá cúpla caife ann freisin, timpeall sé theach tábhairne, eischeadúnas, tirimghlantóirí, agus búistéir agus siopa poitigéara.

Is as Raghnallach m’fhear céile chomh maith agus nuair a phósamar cúpla bliain ó shin cheannaíomar árasán nua, atá gar do Raghnallach; ach tá súil againn i gceann cúpla bliain go mbeimid in ann bogadh ar ais anseo mar gur ceantar chomh deas [sin] é.

Braithim go bhfuil Raghnallach athraithe go mór le roinnt blianta mar nuair a bhí mé féin óg bhí an‑chuid daoine a bheadh níos sine sa cheantar ach le roinnt blianta anois tá daoine óga ag lonnú anseo agus tá athrú tar éis teacht air sin.

Tá na siopaí i Raghnallach tar éis athrú le cúpla bliain [anuas]. Bhíodh siopaí ag teaghlaigh áitiúla – daoine cosúil leis na Muldoons, na Kierans, na Keegans, fiú. Ach le cúpla bliain tá slabhraí móra tar éis lonnú anseo, siopaí cosúil le Starbucks, Subway agus Domino’s Pizza, fiú.

Talking heads: Anna Davitt