The adjective in the singular

Réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal de réir tuisil agus inscne. Séimhítear aidiacht a cháilíonn ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ainmneach, cuspóireach agus gairmeach uatha.

Ainmfhocal firinscneach + aidiacht: Ainmfhocal baininscneach + aidiacht:
lá maith oíche mhaith
cúrsa deacair obair dheacair


An aidiacht i ndiaidh réamhfhocail shimplí + an t‑alt + ainmfhocal.

Ainmfhocal firinscneach: Ainmfhocal baininscneach:
ar an lá deireanach ar an oíche dheireanach
leis an bhfear bocht leis an mbean bhocht

Nóta: I nGaeilge Uladh, séimhítear aidiacht a leanann ainmfhocal firinscneach a bhfuil réamhfhocal simplí agus an t‑alt ag teacht roimhe:

ar an lá dheireanach

leis an fhear bhocht



D, n t, l, s

Nuair a thagann na litreacha d, n, t, l, s le chéile ag deireadh ainmfhocail agus ag tús aidiachta, bíonn séimhiú fós i gceist.

bialann Shíneach

bean dheas

The adjective in the singular