Exercise 2B

Cuir gach aidiacht san uimhir iolra.

1 Tá caighdeáin  (ard) bainte amach acu.
2 Bhí argóintí  (fíochmhar) agam leis.
3 Tá athruithe  (suntasach) déanta acu ar an iris.
4 Níl mé sásta bheith ag obair i seomraí  (salach).
5 Bhíodh teaghlaigh  (mór) ag daoine roimhe seo.
6 Canann sí amhráin  (fada),  (brónach) i gcónaí.
7 Tabhair na leathanaigh  (bán) sin don rang, le do thoil.
8 Is minic a deir sí rudaí  (domhain) liom.
9 Cuirtear go leor tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí  (óg) na laethanta seo.
10 Tá sé beartaithe acu na foirgnimh  (dainséarach) sin a leagan.
11 An bhfaca tú na báid  (mór) atá sa chuan inniu?
12 Ní daoine  (deas) iad.
13 Tá crainn  (mór)  (ard) taobh amuigh den teach.
14 Pléitear ceisteanna  (conspóideach) san iris sin go minic.
15 Ar a laghad tá bóithre  (leathan) ansin.
16 Tá súile  (gorm) aici.
17 Is breá leis cácaí  (milis)!
18 Tá siad ag brath go mór ar oibrithe  (deonach).
19 Chuir sé ceisteanna  (éasca) orm.
20 D’fhoghlaim muid seanfhocail  (deas) sa rang aréir.
Exercise 2B