Lolita, Amharclann na Péacóige, Baile Átha Cliath

Léigh an léirmheas seo le hÉamonn Ó Dónaill (Foinse, 3 Meán Fómhair 2002) agus scríobh an leagan ceart de na focail sna bearnaí cuí.

Bhí conspóid mhór ag baint leis an  (úrscéal) Lolita le Vladimir Nabokov nuair a  (foilsigh) ar dtús é i 1955; thug léirmheastóir de chuid an Sunday Express, mar shampla, ‘the filthiest book I have ever read’ air agus dúirt gur ‘sheer unrestrained pornography’ a bhí ann.  (cuir) go leor míshástachta in iúl chomh maith faoin dá scannán a bunaíodh ar an leabhar, go háirithe an chéad  (ceann) le Stanley Kubrick i 1962. An rud is mó a ghoill ar go leor daoine ná gur cuireadh carachtar, fear meánaosta, os comhair  (an pobal) a bhí i gcaidreamh collaí le cailín dhá bhliain déag, ach ba charachtar é a bhféadfadh bá a bheith ag na léitheoirí nó ag an lucht féachana leis.

De bharr  (an chonspóid) go léir, tá éirim an scéil ar eolas ag roinnt mhaith daoine faoin am seo, agus rith sé liom roimh dhul chuig an leagan drámata seo leis an chomplacht Corn Exchange go bhféadfadh seo a bheith ina mhíbhuntáiste  (mór).

Éiríonn le stiúrthóir an dráma, Annie Ryan, dul i ngleic leis an deacracht seo, áfach, tríd an dráma a dhéanamh sa stíl ar a dtugtar Commedia d’Arte. Sa stíl áirithe seo déantar iarracht dul go croílár an scéil, é a chur ábhairín as a riocht agus é a chur i láthair, mar a deirtear san ábhar bolscaireachta, ‘in a show of grotesque fun and heartfelt intensity’. Bíonn béim mhór ar an mhím agus bíonn an seit lom agus simplí. Lena chois sin, bíonn aghaidh  (na haisteoirí) péinteáilte.

Sa chéad radharc, feiceann muid scoláire Eorpach, Humbert (Andrew Bennett), ag cuardach lóistín i mbaile beag i New England. Tá bean an tí, an bhaintreach Mrs Haze (Clara Simpson), ag iarraidh cur ina luí air fanacht ina teach siúd, ach níl seisean róthógtha leis mar lóistín. Tagann sé ar mhalairt aigne go tobann, áfach, nuair a fheiceann sé Delores (Ruth Negga), iníon óg Mrs Haze, ag sú  (an ghrian) ina culaith snámha. Bogann sé isteach agus éiríonn a dhúil sa  (déagóir) agus an fonn craicinn atá air níos láidre le himeacht aimsire.

Cé go gcuireann Mrs Haze déistin ar Humbert, cinneann sé ar í a phósadh chun go mbeidh deis aige bheith cóngarach do Delores, nó Lolita mar a thugann sé uirthi, go fadtéarmach. Nuair a fhaigheann an mháthair bás tobann tragóideach, bailíonn Humbert an cailín óg ón champa ina bhfuil sí ag caitheamh  (an samhradh) agus imíonn siad ar thuras fada trasna na tíre. Le linn an  (turas) seo cuireann Humbert in iúl do Delores gur  (maraigh) a máthair i dtimpiste agus tagann cor eile sa scéal nuair a tharlaíonn caidreamh collaí eatarthu den chéad uair.

Tá fear an‑aisteach darb ainm Quilty (David Pearse) ag leanúint  (an bheirt), rud a mhéadaíonn ar míshuaimhneas Humbert. An éireoidh le Humbert agus Delores éalú uaidh nó an  (cuir) deireadh lena gcumann rúnda, míchéillí? An bhfanfaidh sí leis nó an dtabharfaidh sí na cosa léi?

Bhí go leor conspóide ann roimh an léiriú seo agus daoine nach bhfaca é á  (cáin) agus ag rá nár cheart go  (téigh) ar aghaidh leis i bhfianaise an mhéid a tharla in Soham an samhradh seo. Níl aon rud graosta faoin dráma, áfach. Cuireann sé an caidreamh idir Humbert agus an cailín óg i láthair mar rud atá greannmhar ach tragóideach ag an am chéanna, agus leagann sé béim ar leochaileacht Delores, go háirithe tar éis  (bás) a máthar.

Tá na haisteoirí ar fheabhas ar fad, go háirithe Andrew Bennet i ról Humbert. Éiríonn leis oiread a chur in iúl lena gheáitsí agus leis an síorathrú dreacha. Tá Ruth Negga thar barr chomh maith; cé gur bean sna fichidí í, éiríonn léi aithris a dhéanamh ar iompar agus ar gheáitsí cailín dhá bhliain déag ar dhóigh an‑chumasach.

Tá an ceol beo a sheinntear tríd síos agus atá i dtiúin le gluaiseachtaí na n‑aisteoirí an‑éifeachtach den chuid is mó, cé go  (éirigh) fuaim na ndrumaí rud beag tuirsiúil tar éis tamaill.

Tá radharcanna áirithe sa dráma a théann i gcion go láidir ar an lucht féachana, go háirithe an ceann deireanach roimh an sos nuair a éiríonn an t‑atmaisféar trom, gruama. Bhraith mé, áfach, gur chaill an dráma rud beag fuinnimh sa dara leath.

In ainneoin  (an locht) sin, is dráma den scoth é seo agus éiríonn le hAnnie Ryan agus Corn Exchange an scéal a chur i láthair ar shlí thar a bheith úr agus taitneamhach.

Lolita, Amharclann na Péacóige, Baile Átha Cliath