Idiomatic and colloquial expressions

Foghlaim na cora cainte seo agus ansin tabhair faoin gcleachtadh atá bunaithe orthu.

He warned me not to walk home alone.
Chuir sé fainic orm gan siúl abhaile liom féin.

He has a new play in preparation.
Tá dráma nua ar na bacáin aige.

That young girl shows great promise.
Tá an‑ghealladh faoin gcailín óg sin.

It’s hanging in the balance.
Tá sé idir dhá cheann na meá.

They really hate each other.
Tá an dearg‑ghráin acu ar a chéile.

They totally ignored me.
Thug siad neamhaird iomlán orm.

I really benefitted from my time there.
Bhain mé an‑tairbhe as mo chuid ama ansin.

That company is on its last legs.
Tá an comhlacht sin ar an dé deiridh.

She is much talked about at the moment.
Tá a hainm in airde faoi láthair.

Things have been chaotic in that country in the past few years.
Tá cúrsaí ina gcíor thuathail sa tír sin le cúpla bliain anuas.

Idiomatic and colloquial expressions