Interview B: Holidays and travel

Agallamh B

Déanann Eoin cur síos ar an tsaoire dheireanach a bhí aige.
Agallóir:Cá ndeachaigh tú ar do laethanta saoire i mbliana?
Eoin:Chuaigh mé féin agus mo chailín go dtí an Iodáil. Chaitheamar cúpla lá sa Róimh agus cúpla lá i bhFlórans.
Agallóir:Cén t‑am den bhliain a bhí sibh ansin?
Eoin:Bhíomar ann i mí Iúil. Bhí sé i bhfad róthe, ar an drochuair. Bhí sé deacair mórán siúil a dhéanamh i rith an lae.
Agallóir:An raibh an bia go deas?
Eoin:Bhí - bhí sé go hálainn agus an‑saor go deo. Is breá liom bia Iodálach.
Agallóir:Agus ar thaitin na hIodálaigh leat?
Eoin:Thaitin siad go mór liom. Bhí siad an‑chairdiúil ar fad.
Interview B: Holidays and travel