Baile

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá na téarmaí agus na coinníollacha seo i gcomhréir le critéir na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Tabharfaidh rannpháirtithe faoin gcúrsa seo chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna oideolaíochta agus a gcuid scileanna bainistíochta i gcomhthéacs a gcuid oibre i mbunscoil.

Beidh na múinteoirí a ghlacfaidh páirt in aon cheann de na cúrsaí seo i dteideal trí lá saoire phearsanta bhreise (EPV) a thógáil ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas: Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir Dé Céadaoin, 1 Iúil 2014 agus Dé hAoine, 21 Lúnasa 2014 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

  • Ní mór duit tabhairt faoin gcúrsa ar bhealach éifeachtach agus críochnúil; ní mór duit tascanna a chríochnú agus plé/malartú smaointe a dhéanamh ar líne, ar feadh ar a laghad 20 uair an chloig.
  • Beidh rannpháirtíocht i bhfóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ag deireadh gach modúil beidh ort páirt a ghlacadh i gcleachtadh idirghníomhach ar an bhfóram seo.
  • Beidh ceist athmhachnamhach le freagairt ag deireadh an chúrsa.
  • Beidh measúnú ar do chuid oibre bunaithe den chuid is mó ar chaighdeán do chuid oibre scríofa, ach coimeádfar taifead den mhéid ama a chaithfidh tú ag obair ar an gcúrsa chomh maith.
  • De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, tabharfar trí lá EPV do rannpháirtithe a chríochnóidh cúrsa amháin ar líne, ceithre lá EPV dóibhsean a chríochnóidh dhá chúrsa ar líne agus cúig lá EPV dóibh siúd a chríochnóidh trí chúrsa ar líne.

Gheobhaidh rannpháirtithe an chúrsa seo taifead ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach ag deireadh an chúrsa. Is éard a bheidh sa taifead sin ná:

  • Taifead den mhéid ama a chaith an rannpháirtí ag obair ar na gníomhaíochtaí ar líne.
  • Cóip de na tascanna scríofa a rinne an rannpháirtí.
  • Faomhadh ó éascaitheoir an chúrsa.
Déanfaidh an éascaitheoir athbhreithniú ar na tascanna ar fad. Mura bhfuil an caighdeán sásúil, nó mura bhfuil go leor ama caite ag obair ar ábhar an chúrsa, iarrfar ar an rannpháirtí na tascanna a dhéanamh arís eile.

Ní ghlacfar le bradaíl.

Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta

Tá úsáid an tsuímh gréasáin ranganna.com á rialú ag na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus ceapadh iad chun cosaint a thabhairt duitse, d’úinéirí an tsuímh, Gaelchultúr Teoranta, agus dá chuid gníomhairí. Dá bhrí sin, déan iad a léamh go cúramach, le do thoil. Má bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin tugann tú le fios go bhfuil tú i ndiaidh glacadh leo agus gur ar do phriacail féin a úsáideann tú an suíomh.

Dlínse

Tá an suíomh gréasáin seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht Éireann agus rialófar é de réir dhlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go mbeidh d’úsáid féin, agus aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, á rialú mar an gcéanna ag dlíthe na hÉireann agus, má thagann aon díospóid chun cinn i ngeall ar d’úsáid féin nó aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, go dtoilíonn tú a leithéid de dhíospóid a phlé i gcúirteanna na hÉireann.

Athruithe

Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta aon athruithe a dhéanamh ar an eolas atá ar an suíomh gréasáin ranganna.com, agus chomh maith leis sin ar an dearadh agus ar na seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gan foláireamh agus gan dliteanas.

Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta cur le coinníollacha úsáide an tsuímh nó iad a athrú. Déanfar aon athruithe ar an suíomh a fhógairt ar an leathanach seo agus beidh an fhreagracht ortsa mar úsáideoir cinntiú go mbeidh tú ar an eolas faoi athruithe ar bith a dhéanfar ó am go chéile, agus measfar gur ghlac tú le hathrú ar bith a bheidh déanta má leanann tú ort de bheith ag dul isteach sa suíomh ina dhiaidh sin.

Cruinneas na n-ábhar margaíochta

Creidimid go bhfuil na ráitis atá le fáil inár mbróisiúir, ár suíomh gréasáin agus ar ábhair eile mhargaíochta cruinn agus ceart ag an am a dhéantar iad. Tá gach iarracht réasúnta déanta cur síos a thabhairt ar na cúrsaí agus aon seirbhís eile a luaitear. Ní féidir linn glacadh le freagracht as athruithe ar bith a tharlaíonn tar éis don bhróisiúr nó don ábhar margaíochta eile a bheith curtha ar fáil. (Bíonn eolas cothrom le dáta le fáil ar ár suíomh gréasáin). Ní féidir linn glacadh le dliteanas maidir le cúinsí nach bhfuil aon smacht againn orthu.

Cóipcheart agus trádmharcanna

Is le Gaelchultúr Teoranta an suíomh gréasáin seo agus is é atá ina bhun, agus tá gach eolas agus ábhar atá le feiceáil ar an suíomh (“an t-ábhar”) chun úsáide pearsanta amháin, agus ní chun úsáide tráchtála. Maoin Gaelchultúr nó a chuid gníomhairí is ea gach bogearra atá le fáil ar an suíomh seo agus gach ábhar atá ar fáil ar an suíomh seo (an fhaisnéis, an t-ábhar, na grafaicí, an téacs, na fuaimeanna, na híomhánna, na cnaipí, na trádmharcanna, na hainmneacha trádála agus na lógónna) faoi chosaint cóipchirt, ceart trádmharcanna, ceart bunachair sonraí, ceart sui generis agus dlíthe eile na maoine intleachtúla, faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta.

Ní ceadmhach aon chuid den ábhar a íoschóipeáil, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a chur sa phost, a tharchur, a chur i gcomhad athfhála, a dhíol nó a dháileadh gan cead scríofa a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Níl san áireamh leis seo íoschóipeáil cóipe amháin de shleachta ón suíomh ar aon ríomhaire amháin a d’úsáidfí sa bhaile amháin agus ní chun tráchtála, ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar chóipcheart ná ar cheart maoine. Tá cosc ar athruithe a dhéanamh ar aon chuid den ábhar nó aon chuid den ábhar a úsáid d’aon chuspóir seachas cuspóir a luaitear anseo (a úsáid ar aon suíomh gréasáin nó líonra ríomhaireachta eile gan teorainn san áireamh).

Ceisteanna, fadhbanna ag úsáid an tsuímh agus gearáin

Má bhíonn ceist ar bith agat faoi áirithint atá déanta agat, má bhíonn deacracht ar bith agat ag úsáid an tsuímh seo, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ar bith de chuid Gaelchultúr, téigh i dteagmháil le do thoil le: eolas@gaelchultur.com.

Polasaí príobháideachta

Is é an comhlacht Realex Payments a chuireann an tseirbhís íocaíochtaí ar líne ar fáil ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Dearbhaíonn Realex Payments agus a pháirtí Gaelchultúr nach roinnfear na sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil riamh le haon tríú páirtí gan do chead agus go mbainfidh pé teachtaireachtaí ríomhphoist a gheobhaidh tú ó Realex Payments agus a pháirtí Gaelchultúr le d’áirithint amháin. Dearbhaíonn Realex Payments agus Gaelchultúr nach seolfaidh siad turscar chugat riamh.

D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn na sonraí pearsanta a thug tú dúinn (d’ainm agus sonraí teagmhála, cuir i gcás) a chur ar fáil do do theagascóir.

Ba mhaith linn bheith in ann do chuid sonraí a stóráil ar mhaithe le margaíocht a dhéanamh san am atá romhainn (bróisiúr a chur chugat, mar shampla). Mura mian leat ábhar margaíochta a fháil uainn, cuir é sin in iúl dúinn agus bainfear ón liosta tú.

Ag clárú do chúrsaí agus imeachtaí eile

Ní mór duit táille iomlán cúrsa, ranga nó ceardlainne a íoc ina hiomláine roimh ré chun áit a chur in áirithe ar an gcúrsa, sa rang nó sa cheardlann sin.

Cur ar ceal cúrsaí, ranganna agus ceardlann

Chun gur féidir cúrsa, rang nó ceardlann de chineál ar bith a reáchtáil, caithfidh íosmhéid áirithe rannpháirtithe a bheith cláraithe dó. Má tharlaíonn sé nach sroichtear an t-íosmhéid sin, tá sé de chead ag Gaelchultúr an cúrsa, rang nó ceardlann a chur ar ceal. Tabharfar fógra 24 uair an chloig dóibh siúd atá cláraithe don chúrsa, rang nó ceardlann agus aisíocfar an táille ina hiomláine leo.

Aisíocaíochtaí

Má bhíonn tú míshásta ar aon chúis leis an gcúrsa atá ceannaithe agat, tá tú i dteideal aisíocaíocht iomlán a fháil suas go dtí seacht lá tar éis an dáta ar íoc tú as an gcúrsa, ach amháin má tá an cúrsa féin tosaithe agat. Má bhíonn an cúrsa tosaithe, is féidir leat fós aisíocaíocht a fháil go dtí an tríú seachtain, ach déanfar luach an mhéid uaireanta an chloig teagaisc atá imithe sa chúrsa a bhaint as an táille atá íoctha agat agus íocfar an fuílleach leat.

Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh.

I gcás cúrsaí ar líne, measfar go mbeidh cúrsa tosaithe agat má tá tú tar éis logáil isteach don chúrsa ar an suíomh gréasáin ranganna.com. Má tharraingíonn tú siar ó chúrsa ar líne, ní bheidh cead agat teacht ar ábhair an chúrsa (ábhar le híoslódáil, etc.) ar an suíomh gréasáin ranganna.com a thuilleadh.

Má tá tú i dteideal aisíocaíocht a fháil, mar atá leagtha síos sna coinníollacha thuas, déan teagmháil le Gaelchultúr (cf. na sonraí teagmhála thíos) agus cuir in iúl gur mian leat aisíocaíocht a fháil. Déanfar an aisíocaíocht a sheoladh chugat laistigh de 21 lá.