Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a bhaineann úsáid as an nGaeilge agus as ríomhairí go rialta agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge mar aon le taithí a fháil ar na saoráidí teicneolaíochta atá ar fáil trí mheán na Gaeilge.
40-50 uair an chloig
6
Tá Tusa agus do Ríomhaire oiriúnach dóibh siúd a bhaineann úsáid as an nGaeilge agus as ríomhairí ar bhonn rialta agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge mar aon le taithí a fháil ar na saoráidí teicneolaíochta atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Bhainfeadh múinteoirí bunscoile agus meánscoile, fostaithe de chuid na hearnála poiblí, aistritheoirí, iriseoirí, mic léinn agus léachtóirí tríú leibhéal, agus daltaí Ardteiste tairbhe as an gcúrsa seo.
Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil do dhaoine a chuirfidh ar a gcumas:
Is iad Cóilín Ó Floinn agus Éamonn Ó Dónaill a scríobh ábhar an chúrsa seo.
Tá sé aonad sa chúrsa Tusa agus do Ríomhaire agus tá sprioc dhifriúil ag gach ceann acu:
Aonad 1 - Windows XP / Windows Vista
San aonad seo foghlaimeoidh tú conas:
- an córas oibre, teanga agus an méarchlár a shocrú ar do ríomhaire
- Microsoft Word a shocrú don Ghaeilge
- déanamh cinnte nach mbeidh I mór le fáil sa téacs agus tú ag clóscríobh i nGaeilge
- an seiceálaí litrithe GaelSpell a chur ar do ríomhaire
Aonad 2 - Brabhsálaithe Éagsúla
San aonad seo foghlaimeoidh tú:
- conas úsáid a bhaint as an mbrabhsálaí IE 8
- conas an brabhsálaí Firefox a úsáid trí mheán na Gaeilge
- faoin bhfoireann ríomhchlár OpenOffice
- faoi Windows agus Office i nGaeilge
Aonad 3 - Áiseanna ar an nGréasán 1
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú faoi:
- na meáin chlóite ar líne
- stáisiúin raidió ar line / TG4
- podchraoltaí
- blaganna
- ábhar a chóipeáil ón ngréasán
- Wikipedia agus Vicipéid
Aonad 4 - Áiseanna ar an nGréasán 2
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú faoi:
- áiseanna úsáideacha téarmaíochta ar an ngréasán
- áiseanna úsáideacha gramadaí ar an ngréasán
Aonad 5 - Téarmaíocht Dhlithiúil
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú:
- conas téarmaí a lorg ar na suíomhanna gréasáin a bhfuil reachtaíocht na hÉireann le fáil orthu
- conas téarmaí a lorg ar na suíomhanna gréasáin a bhfuil reachtaíocht na hEorpa le fáil orthu
- conas Google a úsáid leis na suíomhanna thuas a chuardach
Aonad 6 - Foghlaimeoirí Óga agus Fásta
Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú faoi:
- acmhainní d’fhoghlaimeoirí fásta
- acmhainní d’fhoghlaimeoirí óga
- acmhainní do mhúinteoirí bunscoile
- siopaí ar líne
Innéacs an chúrsa
Tá innéacs curtha ar fáil a chuirfidh ar do chumas nithe éagsúla atá sa chúrsa Tusa agus do Ríomhaire a aimsiú go tapa.
Tá sé aonad sa chúrsa Tusa agus do Ríomhaire agus tá comhairle agus eolas faoi acmhainní éagsúla teicneolaíochta don Ghaeilge i gceist i ngach ceann acu. Ní gá na haonaid a dhéanamh san ord ina bhfuil siad, ach mar sin féin, is fearr aonad a haon a dhéanamh roimh aon cheann eile.
Tá ceachtanna uile an chúrsa idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit.
Ag tús gach aonaid, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu san aonad sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.
Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat san aonad agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad aonad eile, an t-aonad a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Cuirfear fóram ar fáil do Tusa agus do Ríomhaire. Beidh deis acu siúd a bheidh cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram plé agus díospóireachta. Beidh siad in ann teachtaireachtaí a sheoladh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.
Dírítear sa chúrsa seo ar Microsoft Windows, go háirithe in Aonad 1 agus Aonad 2, rud a chiallaíonn nach bhfuil ábhar na n-aonad sin oiriúnach d’aon duine a úsáideann ríomhaire Mac. Bainfidh an té a úsáideann Mac an-tairbhe as an gcuid eile den chúrsa, áfach, seachas an rannóg ina ndírítear ar WinGléacht, ríomhchlár nach bhfuil ar fáil ach don PC amháin.
Ní gá go mbeadh ardscileanna ríomhaireachta ag duine chun tairbhe a bhaint as an gcúrsa praiticiúil seo.
Tabhair faoi deara go bhfuil an cúrsa seo scríofa as Gaeilge - ní mór duit Gaeilge réasúnta maith a bheith agat chun ábhar an chúrsa a thuiscint. Ach ná bí róbhuartha - seachnaítear téarmaíocht chasta!
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.