Baile

Meánchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile - Scoilbhliain 2019 / 2020

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.
Tá an cúrsa seo dírithe orthusan a bhfuil Gaeilge mhaith labhartha acu agus a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar ghramadach na teanga. Beidh deis ag na rannpháirtithe díriú ar ghnéithe den ghramadach atá níos dúshlánaí ná na cinn atá i gceist sa Bhunchúrsa. Is gnéithe lárnacha iad seo a thagann chun cinn sa rang go minic agus a mbíonn deacrachtaí ag daltaí agus ag múinteoirí araon leo.

Tá na rialacha mínithe sa chúrsa ar bhealach simplí, sothuigthe agus tá iarracht déanta téarmaíocht chasta a sheachaint. Tá na míniúcháin breá gonta agus tá aird tarraingthe ag an údar tríd síos ar phatrúin agus ar an tslí a n-úsáidtear struchtúir éagsúla sa chaint laethúil agus sa teanga scríofa.

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Is iad príomhaidhmeanna an chúrsa ná:

  • cabhrú leis na múinteoirí feabhas a chur ar chaighdeán a gcuid gramadaí trí ghnéithe níos casta de ghramadach na teanga a mhíniú ar bhealach soiléir, sothuigthe;
  • aird na rannpháirtithe a tharraingt ar thábhacht an chruinnis agus iad a spreagadh leis an méid a fhoghlaimeoidh siad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, rud a rachaidh chun sochair dóibh féin agus dá gcuid daltaí;
  • deis a thabhairt do na múinteoirí smaointe praiticiúla don seomra ranga a mhalartú lena chéile san fhóram díospóireachta.

Údair

Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir agus duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Lisa Madden eagarthóireacht ar Meánchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus scríobh sí cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.


Ábhar an chúrsa

Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Modúl 1

  • Cuid 1: An tAinmfhocal 1
  • Cuid 2: An tAinmfhocal 2

Modúl 2

  • Cuid 1: An Tuiseal Gairmeach
  • Cuid 2: Na hUimhreacha

Modúl 3

  • Cuid 1: An Aidiacht 1
  • Cuid 2: An Aidiacht 2

Modúl 4

  • Cuid 1: An Aimsir Láithreach
  • Cuid 2: An Aimsir Fháistineach

Modúl 5

  • Cuid 1: An tAinm Briathartha agus an Aidiacht Bhriathartha
  • Cuid 2: Áiseanna ar líne

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Meánchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.