Tábhachtach: Ní bheidh rannpháirtithe an chúrsa seo i dteideal aon laethanta EPV a fháil ar chríochnú an chúrsa dóibh.Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh rang 3 agus/nó rang 4. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí nach mbraitheann muiníneach agus iad ag labhairt na Gaeilge agus ar mian leo, dá bhrí sin, cur lena gcuid scileanna sa teanga. Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.
Cé go molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, tá cead agat Béarla a úsáid más gá.
Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:
Tábhachtach: Cé go bhfuil go leor samplaí de ghníomhaíochtaí cainte tugtha sa chúrsa agus go bhfuil go leor smaointe praiticiúla do ghníomhaíochtaí den chineál seo le fáil i bhfóram an chúrsa, is cúrsa teanga go príomha é ‘Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile’ seachas cúrsa modheolaíochta.
Is í Siobhán Patten a scríobh ábhar an chúrsa seo.
Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo agus tá meascán de mhíniúchán, de stór focal úsáideach, de chomhráite agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu.
Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat, is féidir leat an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.
Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.
Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada ‘Ar aghaidh’ ar thaobh na láimhe clé (le dul siar) nó ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile sa mhodúl.
Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.