Useful websites for primary school teachers

Tabhair cuairt ar na suíomhanna gréasáin atá liostaithe thíos le fáil amach cén t‑eolas agus cad iad na hacmhainní atá le fáil orthu.

anseo.net

Tá go leor acmhainní teagaisc le fáil saor in aisce ar an suíomh seo, an chairt aibítre seo san áireamh.

ilearn.ie

Is suíomh oideachasúil i gcomhair scoileanna na hÉireann é iLearn a bhfuil acmhainní ann atá forbartha agus logánta don chóras oideachais in Éirinn.

tobar.ie

Is suíomh é seo atá dírithe ar bhunmhúinteoirí chun cabhair a thabhairt dóibh ábhar teagaisc a aimsiú agus a chruthú, agus tairbhe a bhaint as áiseanna nuatheicneolaíochta sa seomra ranga agus i gcúrsaí oideachais i gcoitinne.

Scoilnet

Is é Scoilnet suíomh tairsí oideachais na Roinne Oideachais agus Scileanna in Éirinn. Tá go leor acmhainní ar fáil ar an suíomh seo, iad seo ina measc: pleananna ceachta, bileoga idirghníomhacha is féidir a phriontáil, nótaí agus ábhair ilmheán.

COGG

Ar an suíomh seo de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta tá teacht ar réimse mór acmhainní atá ar fáil do mhúineadh na Gaeilge, múineadh trí Ghaeilge agus gnáthléitheoireacht i nGaeilge. Tá leagan PDF den leabhrán Áiseanna do Mhúineadh na Gaeilge le fáil anseo.

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna

Tá eolas le fáil ar an suíomh seo mar gheall ar laethanta inseirbhíse do mhúinteoirí bunscoile agus imeachtaí eile, acmhainní teagaisc samplacha, etc. Tá liosta áiseanna curtha le chéile ag an eagraíocht; chun féachaint air, cliceáil anseo.

Useful websites for primary school teachers