Read on

San alt seo, míníonn Máire Ní Chuagáin as Cill Mhantáin cén fáth a ndeachaigh tréimhse a chaith sí ag obair i nGána na hAfraice i bhfeidhm go mór uirthi.

1. Léigh an sliocht os ard ar dtús gan féachaint ar an aistriúchán Béarla. Bí cúramach agus tú ag fuaimniú na litreacha i gcló dorcha.
2. Léigh an sliocht an dara huair agus féach ar aistriúchán Béarla na bhfocal agus na bhfrásaí nach dtuigfidh tú.
3. Éist leis an taifeadadh ansin agus bí ag léamh an ailt ag an am céanna.
4. Tar éis duit éisteacht leis cúpla uair, abair na focail ansin ag an am céanna leis an duine ar an taifeadadh. Ná stop an taifeadadh agus é seo á dhéanamh agat.

Seal i nGána
(Some time in Ghana)

Chaith Máire Ní Chuagáin dhá mhí ag obair go deonach in áras do pháistí i nGána i Márta agus Aibreán 2005. Míníonn sí anseo cén fáth a ndeachaigh an tír i bhfeidhm go mór uirthi.

Is deacair, i ndáiríre, scríobh faoi Ghána. Tá sé chomh hálainn sin agus tá an méid sin rún ag baint leis, agus ní fhaca mise ach cuid bheag de. Tháinig tús le mo thréimhse ansin in Aerfort Idirnáisiúnta Kotoka in Accra ag meán oíche agus an teocht 32 céim Celsius taobh amuigh. Cheap mé go mbeadh revelation mór millteach agam agus mé ag tuirlingt ón eitleán, go mbeadh damhsóirí agus ceoltóirí ag ceiliúradh an Afraic a bheith sroichte agam faoi dheireadh. Ach ní raibh ann ach an teas agus an t‑allas.

mbeadh deich bpéire súl agam na chéad chúpla lá sin, ní bheinn in ann gach rud nua a thógáil isteach. Bhí an Afraic ní ba dhifriúla agus níb iontaí ná tada a bhí i mo bhrionglóidí roimhe sin.

Tá Gána suite ar chósta thiar na hAfraice, idir Tóga, an Cósta Eabhair agus Buircíne Fasó. Bhíodh sé mar choilíneacht de chuid na Portaingéile, na hÍsiltíre agus na Ríochta Aontaithe go dtí gur bhain sé neamhspleáchas amach i 1957 – an chéad tír Afracach a rinne a leithéid. Tá daonra de 18 milliún aige faoi láthair, agus is daonlathas breá sláintiúil é; tá cúrsaí sách socair ansin, go háirithe i gcomparáid leis na tíortha atá thart timpeall air.

I gcomparáid le tíortha eile san Afraic, níl Gána chomh bocht sin. Ní fhaca mé féin aon slumaí ansin, mar shampla, agus níl an galar SEIF chomh forleathan is atá sé i dtíortha eile (2% den daonra atá buailte aige). Ach fós féin tá sé bocht. Tá páistí a oibríonn ar na sráideanna ag díol uisce nó torthaí in áit a bheith ar scoil; bheadh téacsleabhar amháin go minic idir tríocha páiste scoile; tá na mílte bean agus fear a chaitheann a gcuid laethanta suite ag stainnín ar thaobh an bhóthair gan tada á dhíol acu; agus tá daoine ann nach bhfuil teacht ar chúram sláinte acu. In áiteanna áirithe sa tír, caithfidh daoine deich gciliméadar a shiúl chun teacht ar uisce glan.

Ach tá atmaisféar sona, éadromchroíoch sa tír. Chuir sé gliondar ar mo chroí agus iontas orm gach lá chomh sona is a bhí na daoine. Bhíodh meangadh mór gáire orthu i gcónaí, ní bhídís riamh ag gearán, agus bhídís i gcónaí ag iarraidh a bheith ag caint leis an oboruni (an duine geal). Mhothaigh mé in amanna gur réalta a bhí ionam: sluaite móra daoine ag stánadh orm, ag béicíl agus ag croitheadh lámh orm. Ní féidir leat gan gáire a dhéanamh nuair a ritheann caoga páiste ón mbaile áitiúil i do threo ag béicíl, “Oboruni Mary, how are you?”, nó nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh toisc gur tusa an chéad duine geal atá feicthe acu riamh.

Bhí an tionscadal ina raibh mé lonnaithe suite i mbaile beag darb ainm Denase, gar do Kumasi. Tá 46 páiste, idir dhá bhliain agus cúig bliana déag d’aois, ina gcónaí ann go lánaimseartha. Tá cineálacha éagsúla cúlra acu ar fad; tá roinnt acu gan tuismitheoirí, roinnt acu a bhfuil tuismitheoir amháin acu, roinnt a bhfuil teaghlach iomlán acu nach bhfuil in ann iad a chothú, agus roinnt a bhí tar éis seal a chaitheamh ag maireachtáil ar na sráideanna.

In ainneoin na bhfadbanna a bhí acu ar fad, ba pháistí áille sona iad, agus bhí barróg acu i gcónaí do gach duine. Chaith siad na chéad chúpla lá ag déanamh tréaniarrachta mo bhricíní a chuimilt om! Dá mbeinnse amuigh in Kumasi don lá, dhéanfaidís ionsaí orm ar theacht abhaile dom. Lá amháin leag siad go talamh mé mar go raibh siad chomh sásta sin mé a fheiceáil!

As alt le Máire Ní Chuagáin a foilsíodh san iris idirlín Beo!, Lúnasa 2005.

Read on