Useful information 3: The past tense 3

Níl focal amháin sa Ghaeilge ar YesNo an Bhéarla agus caithfidh tú an briathar a úsáidtear sa cheist a úsáid i do fhreagra. Foghlaim na ceisteanna agus freagraí seo thíos anois.

Ráiteas Ceist Freagra
D’imir mé leadóg inné. Ar imir tú leadóg inné? D’imir. Níor imir.
Tháinig siad anseo ar saoire. Ar tháinig siad anseo ar saoire? Tháinig. Níor tháinig.
Chuaigh muid ansin gach lá. An ndeachaigh sibh ansin gach lá? Chuaigh. Ní dheachaigh.
Chonaic sé iad go minic. An bhfaca sé iad go minic? Chonaic. Ní fhaca.
Chuala sé í ar an raidió. Ar chuala sé í ar an raidió? Chuala. Níor chuala.
Rinne siad an obair in am. An ndearna siad an obair in am? Rinne. Ní dhearna.
Dúirt siad rudaí maslacha. An ndúirt siad rudaí maslacha? Dúirt. Ní dúirt.
Fuair sí carr nua. An bhfuair sí carr nua? Fuair. Ní bhfuair.
D’ith siad béile mór. Ar ith siad béile mór? D’ith. Níor ith.
Thug sé airgead di. Ar thug sé airgead di? Thug. Níor thug.

Riail bheag amháin eile!
Cuirtear an mhír cheisteach Ar roimh na briathra rialta go léir san aimsir chaite. Cuirtear Ar roimh na briathra neamhrialta beir (bring, take), clois (hear), ith (eat), tar (come), agus tabhair (give), atá le feicéail thuas. An a chuirtear roimh na briathra neamhrialta eile go léir. Tá siad sin le feiceáil thuas chomh maith.

Useful information 3: The past tense 3