Feidhm teanga: 
Language function:
- eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt)
- giving and requesting information (asking and answering questions)
Maidin Dé Luain atá ann. Tá an múinteoir ag insint don rang cad a rinne sí ag an deireadh seachtaine, le cabhair ó phictiúr.

It’s Monday morning. The teacher is telling the class what she did at the weekend, with the aid of pictures.
Ansin, iarrann sí ar dhaltaí éagsúla a rá cad a rinne siad ag an deireadh seachtaine, le cabhair ó phictiúir.

She then asks pupils to say what they did at the weekend, with the aid of pictures.
Nuair a insíonn siad a gcuid nuachta féin, iarrann siad ar dhalta eile an rud céanna a dhéanamh.

When they tell the class their own news, they ask another pupil to do the same.
SOUND
Múinteoir: | Dé hAoine, chuaigh mé ag siúl leis an madra. Dé Sathairn, bhí mé ag cóisir lá breithe agus Dé Domhnaigh d’fhéach mé ar an teilifís. Cad a rinne tusa ag an deireadh seachtaine, a Dylan? On Friday, I went walking with the dog. On Saturday, I was at a birthday party and on Sunday, I watched television. What did you do at the weekend, Dylan? |
Dylan: | D’ith mé burgar agus sceallóga in McDonalds Dé hAoine. Chuaigh mé go dtí an zú Dé Sathairn agus d’imir mé cluichí ríomhaire Dé Domhnaigh. Cad a rinne tusa ag an deireadh seachtaine, a Thomáis? I ate a burger and chips in McDonalds on Friday. I went to the zoo on Saturday and I played computer games on Sunday. What did you do at the weekend, Tomás? |
D’fhéadfaí an cluiche seo a fhorbairt trí cheisteanna a chur ar an duine atá ag insint a chuid nuachta, mar shampla:
This game could be developed by asking questions of the person telling their news, e.g.:
An bhfaca tú sioráf sa zú? Chonaic. / Ní fhaca. 
Did you see a giraffe in the zoo? Yes. / No.
Ar ith tú milseáin ag an gcóisir? D’ith / Níor ith.
Did you eat sweets at the party? Yes. / No.