Listening and speaking B: Kim’s game

Feidhm teanga:
- eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt)

Tá an múinteoir ag imirt ‘Cluiche Kim’ leis an rang. Tá bailiúchán de rudaí a bhaineann le hócáidí speisialta ar an mbord aici.
Cuireann sí éadach thar na rudaí agus tógann sí rud éigin ón mbailiúcháin. Ansin, iarrann sí ar dhaltaí an rud atá tógtha amach a ainmniú.
Múinteoir:Cad a thóg mé amach?
Celia:An choinneal.
Múinteoir:Tá an ceart agat. Thóg mé an choinneal amach.
Tógann sí rud eile amach as an mbailiúchán.
Múinteoir:Cad a thóg mé amach an uair sin?
Christopher:Thóg tú an cárta amach.
Múinteoir:Thóg, cinnte. Thóg mé an cárta amach.
Cuireann an múinteoir rud éigin leis an mbailiúchán an uair seo.
Múinteoir:Cad a chuir mé isteach?
Celia:Bronntanas.
Múinteoir:Maith thú! Chuir mé bronntanas isteach.
Listening and speaking B: Kim’s game