Ainmní (Subject)

Bíonn ainmfhocal nó forainm mar ainmní na habairte más é an t‑ainmfhocal nó an forainm sin atá ag déanamh an ghnímh a bhfuiltear ag tagairt dó san abairt.

A noun or a pronoun is the subject of a sentence if it is that noun or pronoun that is performing the action which is being referred to in the sentence.


Sampla: (Example)

Rinne Séamas a lán oibre ar maidin agus d’imigh go Sligeach tráthnóna.

Séamas did a lot of work in the morning and he went to Sligo in the afternoon.