Cuirtear droch- agus sean- roimh an ainmfhocal – ní féidir iad a chur ina dhiaidh.
| droch- | sean- | |
| Consain Séimhítear iad | drochdhuine drochthimpiste | seanbhean seanchara |
| Gutaí Ní athraíonn siad | drochaiste drochamhránaí | seanaisteoir seanealaíontóir |
Ní shéimhítear d, t, s tar éis sean-:
seanduine
seanteach
seansaighdiúir
Ní chuirtear fleiscín tar éis droch- ach amháin nuair a leanann na litreacha ch é:
droch-chlú
droch-choinníollacha
Ní chuirtear fleiscín tar éis sean- ach amháin nuair a leanann an litir n é:
sean-nós
sean-namhaid