Séimhítear na consain (seachas d, t, s) tar éis an-; ní thagann aon athrú ar ghutaí.
maith an-mhaith mór an-mhór fada an-fhada óg an-óg aosta an-aosta amaideach an-amaideach
Bíonn fleiscín i gcónaí tar éis an-.
Séimhítear consain a leanann ró-; arís, ní thagann aon athrú ar ghutaí a leanann é.
mór rómhór deas ródheas saibhir róshaibhir óg ró-óg aosta ró-aosta amaideach ró-amaideach
Tabhair faoi deara go mbíonn fleiscín idir ró- agus guta i gcónaí; ní bhíonn fleiscín idir ró- agus consan de ghnáth.
Achoimre
An réimír an-
| Na consain (seachas d, t, s) | Na consain d, t, s | Na gutaí (a, e, i, o, u) |
| Séimhítear iad | Ní shéimhítear iad | Ní thagann aon athrú orthu |
| an-mhaith | an-deas | an-óg |
| an-chairdiúil | an-saibhir | an-íseal |
| an-fhuar | an-te | an-éasca |
An réimír ró-
| Na consain | Na gutaí (a, e, i, o, u) |
| Séimhítear iad | Ní thagann aon athrú orthu |
| rómhaith | ró-óg |
| róchairdiúil | ró-íseal |
| róbhog | ró-éasca |
| ródheas | ró-ard |