An aidiacht san uimhir uatha

Réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal de réir tuisil agus inscne. Séimhítear aidiacht nuair a bhíonn sé ag cáiliú ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ainmneach, cuspóireach, agus gairmeach uimhir uatha.

Ainmfhocal firinscneach + aidiacht:
lá maith
cúrsa deacair
Ainmfhocal baininscneach + aidiacht:
oíche mhaith
obair dheacair

An aidiacht i ndiaidh réamhfhocail shimplí + an t-alt + ainmfhocal:

Ainmfhocal firinscneach:
ar an lá deireanach
ag an bhfear bocht
Ainmfhocal baininscneach:
ar an oíche dheireanach
ag an mbean bhocht

Nóta: i nGaeilge Uladh, séimhítear aidiacht a leanann ainmfhocal firinscneach a bhfuil réamhfhocal simplí agus an t-alt ag teacht roimhe:

ar an lá dheireanach
ag an fhear bhocht

D, n t, l, s

Nuair a thagann na litreacha d, n, t, l, s le chéile ag deireadh ainmfhocail agus ag tús aidiachta, bíonn séimhiú fós i gceist.

bialann Shíneach
bean dheas
An aidiacht san uimhir uatha