An aidiacht san uimhir iolra

Má bhíonn an t-ainmfhocal san uimhir iolra, caithfidh an aidiacht a bheith san iolra chomh maith:

Uimhir uatha
ceist dheacair
Uimhir iolra
ceisteanna deacra

Seo thíos an tslí a gcuirtear na cineálacha éagsúla aidiachta san uimhir iolra.

Uimhir uathaUimhir iolra
Cuirtear...-a le haidiacht a chríochnaíonn ar chonsan leathan san uimhir uathateach mórtithe móra
-e le haidiacht a chríochnaíonn ar chonsan caol san uimhir uathaguth binnguthanna binne
Athraíonn...-úil go -úladuine suimiúildaoine suimiúla
-air go -ralá deacairlaethanta deacra
Ní athraíonn...aidiacht a chríochnaíonn ar ghuta san uimhir uathacóta buícótaí buí
Eisceachtaí:Athraíonn te go teo san iolraoíche theoícheanta teo
Athraíonn breá go breátha san iolraduine breádaoine breátha
An aidiacht san uimhir iolra