An aidiacht sa tuiseal ginideach uimhir uatha

Léirítear anseo thíos na hathruithe a tharlaíonn don aidiacht sa tuiseal ginideach uatha, firinscneach agus baininscneach.

Tuiseal ainmneach uathaTuiseal ginideach uatha
(firinscneach)
Tuiseal ginideach uatha
(baininscneach)
an leathanach bán (fir.)ag barr an leathanaigh bháin
an bhileog bhán (bain.)ag barr na bileoige báine
an bóthar uaigneach (fir.)ag siúl an bhóthair uaignigh
an tsráid uaigneach (bain.)ag siúl na sráide uaigní
an cúrsa tábhachtach (fir.)nótaí an chúrsa thábhachtaigh
an léacht thábhachtach (bain.)nótaí na léachta tábhacht
an t-amhrán maith (fir.)focail an amhráin mhaith
an amhránaíocht mhaith (bain.)ag moladh na hamhránaíochta maithe
an margadh iomaíoch (fir.)Comhlachtaí an mhargaidh iomaíoch
an tairiscint iomaíoch (bain.)ag léamh na tairisceana iomaíche
an cúrsa suimiúil (fir.)nótaí an chúrsa shuimiúil
an chaint shuimiúil (bain.)deireadh na cainte suimiúla
an t-ábhar deacair (fir.)léachtaí an ábhair dheacair
an aiste dheacair (bain.)ag scríobh na haiste deacra
an carr dearg (fir.)úinéir an chairr dheirg
an bhileog dhearg (bain.)ag cóipeáil na bileoige deirge
an lá fada (fir.)deireadh an lae fhada
an oíche fhada (bain.)tús na hoíche fada
An aidiacht sa tuiseal ginideach uimhir uatha