Ní dhéantar ach séimhiú a chur ar na haidiachtaí seo a leanas sa tuiseal ginideach uatha firinscneach – ní athraítear lár nó deireadh na n-aidiachtaí:
Aidiachtaí aonsiollacha a chríochnaíonn ar -ch(t)
Samplaí:
| buíoch | cuid cainte an fhir bhuíoch |
| docht | ag moladh an tseasaimh dhocht |
| eolaíoch | ag míniú an mhodha eolaíoch |
| fliuch | ag deireadh an lae fhliuch |
| lách | ag moladh an bhuachalla lách |
| moch | ag fáil an bhus mhoch |
Is eisceacht é ‘bocht’: bás an fhir bhoicht.
Aidiachtaí aonsiollacha a chríochnaíonn ar chonsan dúbailte
Samplaí:
| corr | iompar (behaviour) an duine chorr |
| gann | ag goid an bhia ghann |
| gearr | údar an ailt ghearr |
| mall | ag fáil an bhus mhall |
| teann | ag briseadh an cheangail theann |
Is eisceachtaí iad ‘dall’ agus ‘donn’:
| dall | bás an fhir dhaill |
| donn | ag moladh an aráin dhoinn |
Na haidiachtaí seo a leanas:
cúng, deas, leamh, mear, searbh, tiubh, trom, tur
| cúng | ar thaobh an bhóthair chúng |
| deas* | imeachtaí an lae dheas |
| leamh | stiúrthóir an scannáin leamh |
| tiubh | i lár an fháil thiubh |
* nuair is taitneamhach seachas right a bhíonn i gceist.