An aidiacht sa tuiseal ginideach uimhir iolra

Tréaniolra

Más tréaniolra atá ag an ainmfhocal, bíonn an fhoirm chéanna ag an aidiacht i ngach tuiseal.

na ceisteanna deacra
ag cur na gceisteanna deacra
leis na ceisteanna deacra

Lagiolra

Más lagiolra atá ag an ainmfhocal, bíonn foirm an ainmnigh uatha ar an aidiacht sa tuiseal ginideach iolra.

na hamhráin mhóra
ag canadh na n-amhrán mór

Pointe tábhachtach:
Ní shéimhítear aidiacht san uimhir iolra nuair a leanann sé ainmfhocal baininscneach.

An aidiacht sa tuiseal ginideach uimhir iolra