Ceist maidir le 'droch-'

Messages

reply » Ceist maidir le 'droch-'

Tá ceist agam maidir le fleiscín i ndiaidh ‘droch-’. Deirtear san aonad samplach nach gcuirtear fleiscín idir é agus an focal ina dhiaidh, ach amháin má thosaíonn an focal ar ‘ch’, mar shampla ‘droch-chlú’.

Maith go leor, ach céard faoi má thosaíonn an focal ar ‘h’? Feictear domsa gurbh fhearr an fleiscín a chur ann freisin: ‘droch-hata’, mar shampla.

Bhur mbarúil?

Micilín Mac Měchúra
09/10/2007 16:03:17
reply » RE: Ceist maidir le 'droch-'

Déarfainn go bhfuil an ceart ar fad agat, feiceann sé an-ait mar “seanhhata”

Donncha
21/06/2008 19:16:38
reply » RE: Ceist maidir le 'droch-'

céard é droch-hata? ar drochbhuachaill a bhíonn a leithid is dócha..

cualain
25/02/2009 11:08:48
reply » RE: Ceist maidir le 'droch-'

Nó b’fhéidir nach ndeineann sé meaitseáil leis an droch(-)t-leine! Ó na fleiscíní bochta!!

ide.ruaidh
02/07/2009 08:43:02
reply » RE: Ceist maidir le 'droch-'

ó na fleiscíní bochta!! an iomarca rialacha!!

jonel3.5
27/08/2009 16:02:54