An Foclóir Beag

Is foclóir Gaeilge - Gaeilge ar líne é An Foclóir Beag ach tá neart eolais ann faoi ghnéithe éagsúla den ghramadach, na cinn a luaitear thíos ina measc:

Ainmfhocail

Tugtar inscne agus sainmhíniú i nGaeilge; an tuiseal ainmneach uatha agus iolra; an tuiseal ginideach uatha agus iolra. Chun níos mó eolais a fháil faoin ainmfhocal “baintreach”, mar shampla, clóscríobh an focal sin isteach sa bhearna agus brúigh “Cuardaigh”.

Aidiachtaí

Tugtar ainmneach uatha agus iolra; ginideach uatha, firinscneach agus baininscneach; ginideach iolra; breischéim agus sárchéim. Chun níos mó eolais a fháil faoin aidiacht “álainn”, mar shampla, clóscríobh an focal sin isteach sa bhearna agus brúigh “Cuardaigh”.

Briathra

Tugtar na haimsirí agus na modhanna ar fad; an briathar saor; an t‑ainm briathartha; an aidiacht bhriathartha; foirmeacha diúltacha agus ceisteacha. Chun níos mó eolais a fháil faoin mbriathar “foghlaim”, mar shampla, clóscríobh an focal sin isteach sa bhearna agus brúigh “Cuardaigh”.

Tábhachtach: Ní mór duit fréamh an bhriathair sa Ghaeilge (an dara pearsa, uimhir uatha) a bheith ar eolas agat chun foirmeacha an bhriathair a aimsiú.

Réamhfhocail shimplí agus forainmneacha réamhfhoclacha

Chun eolas a fháil maidir le húsáid an réamhfhocail “de”, mar shampla, agus na foirmeacha atá i gceist sna pearsana éagsúla, clóscríobh an focal sin isteach sa bhearna agus brúigh “Cuardaigh”. Tá na pearsana éagsúla measctha trína chéile i gcás na bhforainmneacha réamhfhoclacha, mar sin, bí cúramach agus tú ag iarraidh eolas a aimsiú.

Réimíreanna (e.g. neamh-)

Tugtar samplaí d’úsáid na réimíreanna éagsúla. Cuir isteach an réimír “neamh-” sa bhearna, mar shampla, agus brúigh “Cuardaigh”. Brúigh “neamh-aistear” ansin agus lean ar aghaidh go deireadh an liosta.

Nóta: Ní gá duit an seoladh/URL don Fhoclóir Beag a bheith ar eolas agat – níl le déanamh agat ach na focail “foclóir beag” a chlóscríobh isteach in Google agus “Search” a bhrú chun é a aimsiú.

Bainimis triail as cúpla cleachtadh anois ...

An Foclóir Beag