Baile

Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile - Scoilbhliain 2012/2013

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

Is iad príomhaidhmeanna an chúrsa ná:

  • cabhrú leis na múinteoirí feabhas a chur ar chaighdeán a gcuid Gaeilge trí ghnéithe lárnacha de ghramadach na teanga a mhíniú ar bhealach soiléir, sothuigthe;
  • aird na rannpháirtithe a tharraingt ar thábhacht an chruinnis agus iad a spreagadh leis an méid a fhoghlaimeoidh siad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, rud a rachaidh chun sochair dóibh féin agus dá gcuid daltaí;
  • deis a thabhairt do na múinteoirí smaointe praiticiúla don seomra ranga a mhalartú lena chéile san fhóram díospóireachta.

Údair

Is é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir agus duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Helen Hegarty agus Lisa Madden eagarthóireacht ar Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile - Scoilbhliain 2012/2013 agus scríobh siad cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.


Ábhar an chúrsa

Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.

Modúl 1

  • Cuid 1: An tAinmfhocal
  • Cuid 2: An Aidiacht

Modúl 2

  • Cuid 1: Réamhfhocail Shimplí / Réamhfhocail Shimplí agus an tAlt
  • Cuid 2: Forainmneacha Pearsanta agus Forainmneacha Réamhfhoclacha

Modúl 3

  • Cuid 1: An Modh Ordaitheach
  • Cuid 2: An Aimsir Chaite
  • Cuid 3: An Aimsir Láithreach
  • Cuid 4: An Aimsir Fháistineach

Modúl 4

  • Cuid 1: Na Bunuimhreacha
  • Cuid 2: Na hUimhreacha Pearsanta / Dátaí agus Orduimhreacha

Modúl 5

  • Cuid 1: Suíomh, Gluaiseacht agus Am
  • Cuid 2: Aidiachtaí Sealbhacha

Treoir

Leagan amach

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile - Scoilbhliain 2012/2013 agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit.


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.

Cad a dhéanfaidh mé má tá ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com nó glaoigh ar 1890 252 900 nó + 353 (0) 1 484 5220.