Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.
Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.
Is iad príomhaidhmeanna an chúrsa ná:
Is é Éamonn Ó Dónaill, duine de bhunaitheoirí an chomhlachta Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), a scríobh ábhar an chúrsa seo. Rinne Helen Hegarty eagarthóireacht ar Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile agus scríobh sí cuid de chleachtaí an chúrsa fosta.
Ní fhéachtar sa chúrsa le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge ach leagtar béim ar na gnéithe is lárnaí di agus ar nithe a thagann chun cinn go minic sa seomra ranga.
Tá cúig mhodúl sa chúrsa Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile agus tá meascán de mhíniúchán agus de cheachtanna i gceist i ngach ceann acu. Tar éis duit roinnt rialacha gramadaí a léamh, bíonn deis agat ceachtanna a dhéanamh bunaithe ar na rialacha sin. Ní mór thart ar 20 uair an chloig a chaitheamh ar na gníomhaíochtaí ar líne.
Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirtear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil duit agus tabharfar scór duit. Is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an úsáideora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.
Tá rannpháirtíocht san fhóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór páirt a ghlacadh san fhóram trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh. Tá deis ag na foghlaimeoirí dul i dteagmháil le héascaitheoirí an chúrsa ar an bhfóram seo freisin.
Tá ceachtanna idirghníomhacha le déanamh i ngach modúl, agus nuair a bheidh ceacht déanta, is féidir an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cé go dtabharfar scór duit, is ceachtanna neamh-mheasúnaithe iad na ceachtanna seo; an aidhm atá leo ná idirghníomhaíocht an fhoghlaimeora le hábhar an chúrsa a spreagadh, agus deis a thabhairt dó an méid atá foghlamtha aige a chleachtadh.
Tá rannpháirtíocht i bhfóram díospóireachta ar líne mar chuid éigeantach de gach modúl. Ní mór duit páirt a ghlacadh san fhóram seo trí smaointe a mhalartú leis na múinteoirí eile agus tascanna scríofa a dhéanamh.
Ag deireadh an chúrsa, tá ceist athmhachnamhach le freagairt. Cinnteoidh an cheist seo go ndeachaigh tú i ngleic le hábhar an chúrsa, agus tabharfaidh sé deis duit machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme ábhar an chúrsa sa seomra ranga.
Beidh measúnú ar do chuid oibre bunaithe den chuid is mó ar chaighdeán do chuid oibre scríofa, ach coimeádfar taifead den mhéid ama a chaith tú siad ag obair ar an gcúrsa chomh maith.
Ní mór an cúrsa a dhéanamh idir 1 Iúil 2011, agus 26 Lúnasa 2011 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.
De réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, ní bhfaighidh rannpháirtithe Saoire Phearsanta Bhreise ach i gcomhair cúrsa amháin.
Anois díreach! Staidéar neamhspleách, gan aon mhúinteoir, atá i gceist. Mar sin is féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ar do shócúlacht, san oifig nó sa bhaile, ag do luas féin, agus ag am ar bith is mian leat.
Scríobh ar an bhfóram í! Beidh tú in ann dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram seo. Is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh ann. Bíonn baill d’fhoireann Ghaelchultúir ar an bhfóram freisin, agus beidh siadsan in ann aon cheisteanna casta a fhreagairt.