Baile

Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga - Scoilbhliain 2011 / 2012

Cén cineál cúrsa é?

Réamhrá

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge agus a bhíonn ag úsáid ríomhairí go rialta sa seomra ranga. Tugtar eolas ann mar gheall ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, múinteoirí agus daltaí san áireamh. Tá an cúrsa praiticiúil seo oiriúnach do mhúinteoirí atá réasúnta eolach ar ríomhairí, mar aon leo siúd nach bhfuil mórán cur amach acu ar an teicneolaíocht. Cabhróidh sé le múinteoirí:

  • obair níos éifeachtaí a dhéanamh ar a ríomhaire;
  • Gaeilge níos cruinne a scríobh;
  • úsáid éifeachtach a bhaint as bogearraí Gaeilge agus as an réimse leathan áiseanna Gaeilge atá ar fail ar líne anois;
  • smaointe a fháil maidir le gníomhaíochtaí don seomra ranga.

Faoi dheireadh an chúrsa seo, beidh múinteoirí i bhfad níos eolaí ar na háiseanna is tábhachtaí teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, agus beidh siad in ann an méid a fhoghlaimeoidh siad a roinnt lena gcuid daltaí.

Tá ceachtanna idirghníomhacha gramadaí le fáil i ngach modúl chomh maith, rud a chabhróidh le múinteoirí cur lena gcuid scileanna scríofa i nGaeilge.

Údair

Is iad Cóilín Ó Floinn agus Éamonn Ó Dónaill a scríobh ábhar an chúrsa seo.



Ábhar an chúrsa

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga agus tá comhairle agus eolas faoi acmhainní éagsúla teicneolaíochta don Ghaeilge, chomh maith le smaointe praiticiúla don seomra ranga, i gceist i ngach ceann acu. Tabhair faoi deara go bhfuil dhá leagan ann de Mhodúl 1: ceann atá oiriúnach do dhaoine a bhfuil Windows XP ar a ríomhaire agus ceann eile dóibh siúd a bhfuil Windows Vista acu.

Modúl 1 - Windows XP / Windows Vista

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú conas:

  • an córas oibre, teanga agus an méarchlár a shocrú ar do ríomhaire;
  • Microsoft Word a shocrú don Ghaeilge;
  • déanamh cinnte nach mbeidh I mór le fáil sa téacs agus tú ag clóscríobh i nGaeilge;
  • an seiceálaí litrithe GaelSpell a chur ar do ríomhaire.

Gramadach: An modh ordaitheach


Modúl 2

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú:

  • conas úsáid a bhaint as an mbrabhsálaí IE 8;
  • conas an brabhsálaí Firefox a úsáid trí mheán na Gaeilge;
  • faoin bhfoireann ríomhchlár OpenOffice;
  • Windows agus Office i nGaeilge.

Gramadach: Inscne an ainmfhocail


Modúl 3

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú faoi:

  • áiseanna úsáideacha Gaeilge ar an ngréasán;
  • áiseanna úsáideacha Gaeilge ar an ngréasán do mhúinteoirí bunscoile.

Gramadach: Réamhfhocail shimplí


Modúl 4

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú:

  • faoi phacáistí ríomhaireachta agus leabhair úsáideacha;
  • faoi shiopaí ar líne.

Gramadach: Suíomh, gluaiseacht agus am


Modúl 5

Sa mhodúl seo foghlaimeoidh tú conas:

  • ábhar a chóipeáil ó shuíomh agus a ghreamú in Microsoft Word;
  • ábhar a thaifeadadh ón idirlíon;
  • úsáid a bhaint as Wikipedia le hailt a aimsiú a bheadh úsáideach do pháistí bunscoile;
  • na píosaí sin a aistriú go Gaeilge agus a chur suas ar Vicipéid.

Gramadach: Dátaí / na horduimhreacha


Treoir

Tá cúig mhodúl sa chúrsa Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga agus tá comhairle agus eolas faoi acmhainní éagsúla teicneolaíochta don Ghaeilge, chomh maith le smaointe praiticiúla don seomra ranga, i gceist i ngach ceann acu. Tá sprioc dhifriúil ag gach modúl, agus iarrtar ar an bhfoghlaimeoir ceachtanna bunaithe ar ábhar an mhodúil a dhéanamh.

Tá na ceachtanna ar fad idirghníomhach. Nuair a bheidh ceacht déanta agat is féidir leat an cnaipe Seol a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear in iúl duit cad iad na freagraí a bheidh ceart agat agus cad iad na freagraí a bheidh mícheart agat, cuirfear na freagraí cearta ar fáil agus tabharfar scór duit.

Ag tús gach modúil, cuirfear in iúl duit cad iad na rudaí a bhfuiltear ag díriú orthu sa mhodúl sin.

Chun bogadh ó scáileán go scáileán, níl le déanamh agat ach cliceáil ar na saigheada Right arrow ar thaobh na láimhe deise (le dul chun tosaigh) nó ar thaobh na láimhe clé (le dul chun siar). Is féidir leat cliceáil ar líne ar bith faoi na focail PLEAN AN AONAID ar an taobh clé den scáileán chun dul go dtí áit éigin eile san aonad.

Ar an leathanach scoir, tabharfar léargas duit ar an obair a bheidh déanta agat sa mhodúl agus tabharfar scór iomlán duit. Tabharfar cúpla rogha duit chomh maith: dul ar aghaidh go dtí an chéad mhodúl eile, an modúl a dhéanamh arís, nó dul go tús an chúrsa ar fad.

Fóram

Cuirfear fóram ar fáil do Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga. Is ar an bhfóram seo a thabharfaidh na múinteoirí freagra ar an gceist idirghníomhach ag deireadh gach modúil agus ar an gceist athmhachnamhach ag deireadh an chúrsa ar fad.

Lena chois sin, beidh deis acu siúd a bheidh cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na múinteoirí eile ar an bhfóram. Beidh siad in ann teachtaireachtaí a sheoladh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh.

Tábhachtach

Dírítear sa chúrsa seo ar Microsoft Windows, go háirithe i Modúl 1 agus i Modúl 2, rud a chiallaíonn nach bhfuil ábhar na modúl sin oiriúnach d’aon duine a úsáideann ríomhaire Mac. Bainfidh an té a úsáideann Mac an-tairbhe as an gcuid eile den chúrsa, áfach, seachas an rannóg ina ndírítear ar WinGléacht, ríomhchlár nach bhfuil ar fáil ach don PC amháin.

Ní gá go mbeadh ardscileanna ríomhaireachta ag duine chun tairbhe a bhaint as an gcúrsa praiticiúil seo.

Tabhair faoi deara go bhfuil an cúrsa seo scríofa as Gaeilge - ní mór duit Gaeilge réasúnta maith a bheith agat chun ábhar an chúrsa a thuiscint. Ach ná bí róbhuartha - seachnaítear téarmaíocht chasta!


Ceisteanna Coitianta

Cathain is féidir liom clárú don chúrsa?

Anois díreach!

Cathain is féidir liom tús a chur leis an gcúrsa?

Am ar bith ó thús mhí Iúil ar aghaidh. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2011 agus 26 Lúnasa 2011 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh.

Cathain a chaithfidh mé a bheith críochnaithe leis an gcúrsa?

Faoi 26 Lúnasa. Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil 2011 agus 26 Lúnasa 2011 chun Saoire Phearsanta Bhreise de thrí lá a thuilleamh. I rith na tréimhse sin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cathain is mian leat staidéar a dhéanamh ar ábhar an chúrsa.

Cén obair a bheidh le déanamh agam i ngach modúl?

Beidh ort ábhar an mhodúil a léamh agus tabhairt faoi na cleachtaí idirghníomhacha go léir.
Nuair a bheidh an méid sin déanta agat, beidh ort an cheist idirghníomhach ag deireadh an mhodúil a fhreagairt ar fhóram an chúrsa.
Ag deireadh an chúrsa ar fad, ní mór duit an cheist athmhachnamhach a fhreagairt. Arís, beidh ort do fhreagra a chur ar an bhfóram.

Cé mhéad uair an chloig is gá dom a chaitheamh ag déanamh obair an chúrsa seo?

Timpeall fiche uair an chloig.

An i nGaeilge nó i mBéarla atá ábhar an chúrsa scríofa?

Is cúrsa dátheangach é - tá aistriúchán Béarla curtha ar fáil de gach abairt Ghaeilge atá ann.

An mbeidh orm an cheist idirghníomhach ag deireadh gach modúil a fhreagairt as Gaeilge?

Ní bheidh. Molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, ach tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn ceist agam?

Scríobh ar an bhfóram í nó scríobh chuig éascaitheoir an chúrsa.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat leis an suíomh, glaoigh ar Michelle ar (01) 484 5220, nó scríobh chuici ag michelle@gaelchultur.com.

An féidir liom níos mó ná cúrsa amháin a dhéanamh?

Is féidir, cinnte! Ach de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí ar líne, ní féidir le múinteoirí Saoire Phearsanta Bhreise a fháil ach i gcomhair cúrsa amháin.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil an cúrsa críochnaithe agam?

Beidh an cúrsa críochnaithe agat nuair a bheidh:

  • timpeall 20 uair an chloig caite agat ag obair ar ábhar an chúrsa;
  • freagraí tugtha agat ar na cúig cheist idirghníomhacha agus ar an gceist athmhachnamhach;
  • éascaitheoir an chúrsa sásta go bhfuil caighdeán ard go leor ag baint le do chuid oibre;
  • do chonradh foghlaimeora, do shonraí pearsanta, an loga um fhoghlaim mhachnamhach agus an fhoirm mheastóireachta faighte ar ais againn.

Gheobhaidh tú do theastas agus taifead ar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach taobh istigh de lá nó dhó tar éis duit an cúrsa a chríochnú. Tógann sé tamaillín na freagraí a thiomsú, agus an teastas agus an taifead a ullmhú.


Má tá ceist ar bith eile agat, seol ríomhphost chuig eolas@ranganna.com, nó glaoigh ar (1890) 252 900 nó ar (01) 484 5220.