Is láithreán acmhainní do lucht na Gaeilge é acmhainn.ie a bhfuil na seirbhísí seo ar fáil air:
- Cuardach: Is féidir bunachar sonraí an Choiste Téarmaíochta de théarmaíocht ag baint le réimsí éagsúla a chuardach. Tar éis duit téarma nó téarmaí a chlóscríobh sa bhosca cuardaigh agus “Cuardaigh!” a bhrú, bíonn ort cliceáil ar ceann de na naisc sa leathanach a osclaíonn agus ansin “Ctrl” agus “F” ar do mhéarchlár a úsáid chun teacht ar an téarma a bhí á lorg agat agus a leagan Gaeilge.
- Nuacht: An nuacht is deireanaí maidir le háiseanna agus seirbhísí dóibh siúd atá ag obair in earnáil an aistriúcháin agus dóibh siúd a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid oibre.
- Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta: Téarmaí ag baint le go leor réimsí éagsúla, mar shampla, “Ainmneacha Plandaí is Ainmhithe”, “Cócaireacht” agus “Ainmneacha na nÉan”.
- Oideas: Sraith de cheachtanna aistriúcháin.
- Athchló: Leabhair atá as cló le fada curtha ar fáil arís.
- Fóram Ríomhphoist: Fóram inar féidir le daoine comhairle agus ceisteanna a chur ar a chéile faoi ghnéithe d’úsáid na Gaeilge. De bharr go seolann baill an fhóraim oiread teachtaireachtaí gach lá, is fiú cuntas speisialta ríomhphoist a chruthú don fhóram seo amháin, e.g. www.outlook.com, www.yahoo.ie nó www.gmail.com.
- Naisc: Liosta de naisc chuig suíomhanna éagsúla ag baint le téarmaíocht, aistriúchán, ceartúsáid na Gaeilge, bogearraí, etc.