Tá ábhar ón gcúrsa críochnúil roghnaithe againn chun blaiseadh beag a thabhairt duit den chúrsa. Sa mhionaonad samplach seo, foghlaimeoidh tú faoi na rudaí seo a leanas:
- conas úsáid a bhaint as an mbrabhsálaí IE 8
- cuid de na meáin chlóite ar líne (Beo!, Foinse agus The Irish Times)
- roinnt de na háiseanna úsáideacha téarmaíochta agus gramadaí ar an ngréasán (an Foclóir Beag agus Google Book Search)
- conas téarmaí a lorg ar an suíomh gréasáin IATE a bhfuil reachtaíocht na hEorpa le fáil air
- roinnt acmhainní d’fhoghlaimeoirí (Easy Irish/Scáthléitheoireacht agus eolas ginearálta)